John B. Keane
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba dramadóir, file agus scríbhneoir iomráiteach de chuid na hÉireann é John Brendan Keane (Rugadh 21 Iúil, 1928 agus fuair bás 30 Bealtaine, 2002).
[athraigh] A shaol
Rugadh i Lios Tuathail, Co. Ciarraí do William B. Keane agus Hannah Purtill é. Tógadh ansin é agus tar éis dó an mheánscoil a fhágaint chaith sé na blianta idir 1946 agus 1951 ag obair mar chúntóir i siopa poitigéara. Ó 1951 go dtí 1955 chuaigh sé ar imirce go Sasna, áit ar bhain sé a shlí bheatha amach ar neart bhealaí éagsúla. Sa bhliain 1955 d'fhill sé ar a áit dhúchais agus ó shin go shíothlaí sé, bhí teach tábhairne, mar gnó, idir láimhe aige.
Sa bhliain 1991 bronnadh ballraíocht buan den Royal Dublin Society air. Bhí sé ina uachtaráin ar PEN agus bhí sé ina bhunaitheoir den Irish Playwrights Society (Cuman na Dramadóirí Éireannacha). San am céanna bhain sé amach ballraíocht in Aosdána. Mar bhall den pháirtí polaiticiúla Fhine Ghael níor sheachan sé díospóireacht chonspóideach ríomh.
Bhí sé pósta le Mary O'Connor agus bhí ceathrar chlainne acu. Fuair sé bás ina theach féin de bharr ailse i measc a phobail fhéin sa bhliain 2002. Ceatharacha sé mórshaothair a d'fhoilsigh sé le linn a shaol torthúil.