John Snow
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lia ab ea é John Snow (15 Márta 1813 a rugadh é, 16 Bealtaine, 1858 a fuair sé bás) a raibh dlúthbhaint aige le cúrsaí sláinte an phobail i Londain a bhí buailte le calar sa bhliain 1854. Rugadh is tógadh i York, Sasana é, áit ar obair a athar sa tionscadal guail. Ba é an duine is sine de naoi clainne é. Chuireadh ina phrintíseach in aois a ceathair déag ag máinlia, darb ainm Thomas Harding in Newcastle on Tyne. I 1836 thosaigh sé a oiliúnt formálta mar mhac léinn ins an scoil leighis Hunterian i Londain. Ins an bhliain 1838 cláraíodh é mar bhall de Coláiste Ríoga na Máinleá i Sasana. Bronnadh a chéim ar i 1844 agus thóg sé ballríocht i gColáiste Ríoga na Léithe i 1850.
D’fhoghlaim sé conas anaistéise a úsáid ó na Meirceánaigh agus bhí inniúlacht mhaith aige sa chleachtadh sin. Thug sé éitear don bhainríon Victeoiria dhá uair is í ag saoladh páistí.
Dob é an cur chuige a tharraing an clú is mó air áfach ná a choincheap gurb iad bitheoga ba chúis leis an calar in áit an miasma tuairim a bhí fairsing fán am sin. Sa bhliain 1854 bhí briseadh amach ollmhór de chalar i Soho i Londain agus mar gheall ar staidéar cruinn agus anailís beacht statisticeach, chruthaigh Snow gurb í an fhoinse uisce a bhí ag scaipeadh an ghalair. Rinne sé éacht fíorcháiliúl nuair a bhain sé an lámh den chaidéal agus cuireadh stop le scaipeadh an ghalair. D’fhoilsigh sé a mhór thráchtas ina dhá chuid in 1849 agus tar éis an briseadh amach i Soho in 1855. On the Mode of Communication of Cholera an teideal a bhí air.
Laoch mór i bhforbairt leighis ab ea é agus deirtear gurb é bunaitheoir eolaíocht leigheas an phobail.