Josh Ritter
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is amhránaí-cumadóir ceoil Meiriceánach é Josh Ritter a rugadh i Moscow, Idaho i 1976. Thosaigh Ritter ag cumadh ceoil agus é ag freastáil ar Choláiste Oberlin. D'athraigh sé a phríomhábhar ó eolaíocht néarchórais agus d'fhág sé coláiste agus é cáilithe le phríomhábhar i Stair Mheiriceá agus Scéalcheoltíre.
Tá an stíl atá aige i dtraidisiún an cheol tíre agus na bailéid - é faoi thionchar Bob Dylan, Bruce Springsteen and Leonard Cohen, i measc daoine eile - le béim ar íomhánna chasta le liricí shimplí.
Bhí Ritter i láthair ag Féile Cheoil Tíre Newport 2002, Féile Oxegen 2005 agus bhí sé ar an gceannlíne le leithidí Joan Baez. D'eisigh Baez a leagan fhéin de amhrán Ritter "Wings." Tháinig an chéad fadcheirnín Ritter Hello Starling isteach ag uimhir a dó i gcairteacha na hÉireann, ait a bhfuil lucht leanúna dílis ag Ritter. Síníodh é leis an lipéad Meiriceánach, V2 Records, i 2005 agus ath-eisíodh Hello Starling. Ar an 19ú Aibreán, 2006, eisíodh a albam is déanaí The Animal Years le léirmheasanna iontacha.
Clár ábhair |
[athraigh] Misc
Mhol Stephen King The Animal Years mar an albam is fearr i 2006 in alt a scríobh sé do Entertainment Weeklyalt.
[athraigh] Dlúthdhioscaí
[athraigh] Albaim
Josh Ritter 1999 (Féin-Eisithe)
Golden Age Of Radio 2001 (Céad-Eisiúint), Eanáir 22 2002 (Ath-Eisiúint)
Hello Starling Meán Fómhair 9 2003
The Animal Years Márta 20 2006 (Sasana), Aibreán 11 2006 (SAM)
In The Dark - Live At Vicar Street Samhain 24 2006 (Éireann amháin)
[athraigh] EPanna
Come & Find Me EP Athmheascadh 2002
4 Songs Live EP Feabhra 22 2005
Good Man EP Lúnasa 18 2006 (Éireann amháin)
Girl In The War EP Lúnasa 29 2006, (iTunes EP digiteach) Samhain 27 2006 (Sasana)
[athraigh] Singil
- Hello Starling (Snow Is Gone) (Sasana) (Bealtaine 31, 2004)
- Thin Blue Flame (SAM) (2005)
- Lillian, Egypt (Sasana) (Bealtaine 29, 2006)
- Wolves (SAM) (Iúil 25, 2006)
[athraigh] Féach freisin
- The Cake Sale