Loch nEathach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Loch nEathach an loch is mó in Éirinn, agus is mó é ná aon loch sa Bhreatain freisin. Tá sé tuairim agus 30 km (20 míle) ar fhad agus 15 km (9 míle) ar leithead, agus tá sé go garbh 30 km siar as Béal Feirste. Tá an loch an-íseal timpeall a imeall agus tá meán doimhne 9 méadar (30 troigh) sa príomh-chuid den loch. Is é a dhoimhneacht is mó 25 méadar (80 troigh). Tá sé suite i dtuaisceart na tíre, agus tá bruacha ag sé chinn de chontaethe Uladh ar an Loch: Contae Aontroma, Contae Ard Mhacha, Contae Doire, Contae an Dúin, agus Contae Thír Eoghain. Tá Machaire Fíolta, an Mhuine Mhór, agus Carraig Abhainn cois locha.
Cé go mbaintear feidhm as an loch le raidhse caithimh aimsire agus gnó, tá sé an-oscailte, agus faigheann an uisce an-gharbh go h-an tapa in aimsir ghaothmhar.
Insíonn sean-scéal Gaelach mar a cumadh an loch nuair a sciob Fionn Mac Cumhaill píosa talún ina lámha agus gur chaith é le namhaid in Albain. Níor bhain sé amach an namhad, agus thit an cré i Muir Éireann, i dtreo is gur chum sé Oileán Mhanann. Tagann lucht faire ar éanlaithe go Loch nEathach as go leor tíortha mar gheall ar líon agus raidhse a chuid éanlaithe a chaitheann an geimhreadh nó an samhradh 'sna portaigh agus ar na tránna cois locha.
Tá tábhacht le iascaireacht eascach ar Loch nEathach leis na céadta bliain, agus fós féin díolann lucht iascach Loch nEathach a gcuid eascach do phroinntithe ar fud an domhain.