Máirtín Ó Direáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File a tógadh in Árainn ab ea é Máirtín Ó Direáin. Rugadh i bhFearann a' Choirce ar Inis Mór é i 1910, agus tar éis na scoile, fostaíodh mar chléireach in ard-oifig an phoist i nGaillimh é ar feadh blianta. Bhí sé i gConradh na Gaeilge, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhog sé leis go Baile Átha Cliath níos deireanaí, mar a raibh baint aige le Cumann na Scríbhneoirí óna thús.
D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta, "Coinnle Geala", i 1942, agus lean sé air ag saothrú mar fhile cruthaitheach go dtí na hochtóidí. Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, "Feamainn Bhealtaine", a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile. Is minic a thráchtann sé ar bhéasa is ar áilleacht óileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol sin i mblianta deireannacha an fichiú h-aois. Fuair sé bás sa bhliain 1988 i mBaile Átha Cliath.