Mícheál W. Ó Murchú
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saolaíodh agus tógadh Mícheál W. Ó Murchú i Ráth Chormaic, Co. Chorcaí, áit a bhfuair sé oideachas bunscoile. D’fhreastail ar Choláiste Cholmáin Naofa, Mainistir Fhear Maí agus ar ollscoileanna éagsúla in Éirinn.
Mhúin sé sa Cheardscoil i Maigh Chromtha. Ina dhiaidh sin bhí sé ina léachtóir sa Roinn Oideachais, Coláiste Ollscoile Chorcaí, ina Stiúrthóir Náisiúnta ar Aontas – An Cumann Náisiúnta um Oideachas Aosach, agus ina Bhainisteoir Oideachais i mBord na Gaeilge. Bhain sé amach M.Litt. ar an oideachas comparáideach ó Choláiste na Tríonóide agus Ph.D. ar an oideachas aosach ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.
Le blianta beaga is Oifigeach na Gaeilge é i gColáiste na Tríonóide agus Teagascóir Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.