N2
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is Príomhbhóthar Náisiúnta in Éirinn é an bóthar N2. Ceanglaíonn sé Baile Átha Cliath le Doire. Fágann an bóthar an príomhchathair trí Bhaile Munna ag imeacht go dtí Cill Dhéagláin i gContae an Mhí. Ag Baile Shláine téann an bóthar trasna droichead contúirteach agus ansin in aice Cnoc Shláine. Tar éis Baile Átha Fhirdhia ceanglaíonn an bóthar N33 go dtí an N1 (M1) atá in aice leis an N2. Téann an N2 ar aghaidh trí Carraig Mhachaire Rois agus Baile na Lorgan roimh Muineachán. Ón baile sin téann an bealach trasna na teorann, leis an uimhir A5 ar an bóthar ansin go dtí an Ómaigh agus Doire.