Nollaig Ó Gadhra
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iriseoir, léachtóir, staraí agus gníomhaire teangan. Tá cónaí ar Nollaig Ó Gadhra sna Forbacha, Conamara, le fada an lá. Chaith sé a shaol proifisiúnta mar léachtóir iriseoireachta i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe (anois Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, GMIT). D'éirigh sé as a phost i 2002. I 2004 toghadh é mar uachtarán Chonradh na Gaeilge. Tá a iníon, Máirín Ní Ghadhra, ina hiriseoir le Raidió na Gaeltachta.
B'é Ó Gadhra an 30ú Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ag teacht i gcomharbacht ar Sheágh Mac Siúrdáin. Ba bhall de bhunaitheoirí TG4 é.
Rugadh é i bhFíonach, Co. Luimnigh.
[athraigh] Leabhair
- Éamann Iognáid Rís (1977, 1996)
- An Ghaeltacht (oifigiúil) agus 1992? (1989)
- An Chéad Dáil Éireann, 1919-1921 agus an Ghaeilge (1989)
- Margáil na Saoirse (1988)
- Éire agus Polaitíocht na hEorpa: Léargas ar Thoghcháin Dhíreacha an Chomhphobail Eorpaigh (1986)
- Ríocht Roinnte: Cúlra agus Ceachtanna Olltoghchán Westminster 1983 sna Sé Chontae (1985)
- Guth an Phobail : Teip an Daonlathais ar Oirthuaisceart Éireann (1984)
- Gaeltacht Mhaigh Eo (gan dáta)
- Richard J. Daley, Méara Chicago (1979)
- John Boyle O’Reilly agus an Glór Gael-Mheiriceánach (1976)
- 1972 (gan dáta)
- Gandhi (1969)