Nuxálk
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is teanga Salish é Nuxálk, a labhrann 20-30 seanduine é i mBella Coola i gCeanada. Tugadh Bella Coola ar an teanga, ach is fearr an t-ainm dúchais Nuxálk anois.
Tá 28 consan agus 3 ghuta ag Nuxálk. Ní úsáidtear an coincheap de shiolla ann, mar is féidir le go leor chonsain leanúint a chéile gan guta inmheánach eatarthu. Tá clú ar theangacha Salish, ach go háirithe Nuxálk, de bharr seo. Mar shampla, níl ach consain san fhocal seo leanas: xłp̓x̣ʷłtłpłłskʷc̓ [xɬp’χʷɬtɬpɬːskʷʦ’] "Bhíodh planda bunchberry ina sheilbh aige." (Nater 1984)
Tá go leor focail i Nuxálk mar an gcéanna:
- [ps] 'cruth'
- [p’s] 'lúb'
- [p’χʷɬt] bunchberry as Béarla (go lit., caor thriopallach)
- [ʦktskʷʦ] 'tháinig sé'
- [tʦ] 'buachaillín'
- [skʷp] 'seile'
- [sps] 'gaoth anoir-aduaidh'
- [tɬ’p] 'gearr le siossúr'
- [sʦ’q] 'sail ainmhí'
- [sʦ’qʦtx] 'sin mo shail ainmhí thall ansin'
- [tɬ] 'láidir'
- [q’t] 'téigh cois farraige'
- [qʷt] 'cam'