Oíche na Coda Móire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oíche na Coda Móire a thugtaí go minic ar Oíche Chinn Bliana, nó Oíche Chaille mar a thugtar air freisin. Is í an oíche seo oíche dheireannach na bliana agus tosaíonn an bhliain nua ar a dó dhéag a bhualadh don chlog.
Ba mhó an fhéile seo i measc Ghaeil na hAlban ná i measc na nÉireannach, ach bhí roinnt traidisiúin ag baint leis an oíche seo in Éirinn mar sin féin. Tugtar "Oíche na Coda Móire" ar an oíche mar gur síleadh gur cheart go leor bia (.i. "cuid mhór") a chaitheamh i rith na hoíche chun a chinntiú go mbeadh a dhóthain bia ag gach duine den teaghlach i rith na bliana seo chugainn. Ar ndóigh, ba gheas aon bhia a thabhairt amach as an teach i rith na hoíche.
Mar chuid den cheiliúradh, chaitheadh fear nó bean an tí císte--bairín breac de ghnáth--in aghaidh an phríomhdhorais tar éis don duine an rann seo nó a leithéid a rá:
- Fograímid an gorta/
- Amach go tír na dTurcach/
- Ó anocht go bliain ó anocht/
- is ó anocht féin amach.
Legan eile den rann seo, nach bhfuil chomh dian ar na Turcaigh, ná:
- An donas amach/
- A's an sonas isteach,/
- Ó anocht go bliain ó anocht,/
- In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naomh,
- Amen.
D'itheadh an teaghlach an císte briste i ndiaidh an tsearmanais bhig seo.
In áiteacha, tá an chuma ar an scéal go ndéantaí an bairín breac a chaitheamh in aghaidh an dorais ar Nollaig na mBan. D'éag an traidisiún seo thart ar lár na fichiú haoise, cé go bhfuil cuid de na nósanna ag teacht ar ais i measc teaghlaigh a bhfuil suim acu sa gcultúr dúchasach.