Oireachtas na Gaeilge
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Féile cultúrtha is ea An tOireachtas faoi bhráid Chonradh na Gaeilge. Cuireadh tús leis le féile aon lae i 1897, ceithre bliana tar éis bhunú an Chonartha i 1893. Bhí an chéad Oireachtas ar an Luan, 17 Bealtaine 1897. Bhí sé ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda i mBaile Átha Cliath.
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh. Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta - idir amhránaíocht, cheol, rince, scéalaíocht agus dhrámaíocht - ag na féilte. Bíonn dhá fhéile eagraithe in aghaidh na bliana, Oireachtas na Bealtaine agus Oireachtas na Samhna.
Eagraítear sraith comórtas gach bliain do scríbhneoirí óga agus do scríbneoirí fásta, faoin teideal Comórtais Liteartha an Oireachtais, chun cuidiú le litríocht chomhaimseartha a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do dhaoine atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge a bhaineann ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla oibre. Bronnadh Duais Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006 ar Cholmán Ó Raghallaigh, scríbhneoir as Co. Mhaigh Eo, le linn Oireachtas na Samhna i nDoire Cholmcille. Bhain Liam Mac Cóil an duais do dhaoine fásta amach lena úrscéal stairiúil Fontenoy.