Pádraig Óg Ó Conaire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh Pádraic Óg Ó Conaire i Ros Muc, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1893. Fuair sé a chuid bunscolaíochta ansin agus ghnóthaigh sé scoláireacht as sin le dul go Scoil Éanna, Ráth Fearnáin, an scoil a bhunaigh Pádraig Mac Piarais. Fuair sé teastas múinteora agus é fós ag freastal ar Scoil Éanna sa bhliain 1910. Múinteoir taistil a bhí ann ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin i dTír Eoghain agus i Maigh Eo, in Uíbh Fháilí agus in áiteanna eile. Timpeall fiche bliain a chaith sé ar an obair sin.
Sa bhliain 1913 chuir Seán T. Ó Ceallaigh faoi mhionn Bhráithreachas na Poblachta é agus ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse. Bhí sé ina ollamh i gColáiste an Spidéil ar feadh naoi mbliana déag. Chaith sé seacht mbliana fichead ina aistritheoir i dTeach Laighean ó 1931 go 1958, agus bhí sé ina léitheoir nuachta do Raidió Éireann chomh maith.
Thosaigh sé ar an scríbhneoireacht agus é ina óigfhear agus lean sé leis an ealaín sin ar feadh beagnach seasca bliain: ghnóthaigh sé duais in Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1913 le gearrscéal, agus foilsíodh an leabhar deiridh uaidh sa bhliain 1975, tamall tar éis a bháis. Lón léitheoireachta gan uaillmhian ardealaíonta a bhí i gceist aige lena chuid leabhar, ach is foinse luachmhar eolais a shaothar faoin saol a chaith muintir Chonamara lena linn. Bhain Mícheál Ó Conghaile an-úsáid as scríbhneoireacht Phádraig Óig nuair a scríobh sé a shaothar taighde faoi shaol Chonamara agus an cur síos a tugadh air i litríocht an cheantair.
I measc na leabhar a scríobh sé tá:
- Mian a Croí, 1922
- Solas an ghrádha, 1923
- Cóilín Ó Cuanaigh, 1923
- Anam an Pháiste, 1924
- Cara an Mhic Léighinn, 1924
- Seoid ón Iarthar Órdha, 1924
- An Fraoch Bán, 1924
- Draoidheacht na Fairrge, 1927
- Droichead na Gaedhilge, 1927
- Éan Cuideáin, 1936
- Ceol na nGiolach, 1939
- Athaoibhneas, 1959
- Fuine gréine, 1967
- Déirc an Díomhaointis, 1972
- Liam Ó Maolruanaigh, 1975
Rinne sé a lán aistriúchán freisin.
Phós sé Anastasia O'Connell as Béal Átha na Muice i Maigh Eo i 1913, agus ba sa bhaile sin a chónaigh sé go dtí go bhfuair sé an post mar aistritheoir. Bhí triúr mac aige. Fuair sé bás tar éis dó éirí tinn agus é ag iascaireacht i gCuan Chasla lena mhac Piaras, ar an 5 Lúnasa 1971. Cuireadh i mBéal Átha na Muice é.