Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua Newpark Comprehensive School |
|
---|---|
![]() |
|
|
|
Mana | |
Bunaithe | 1891 (Scoil Abhóca) 1894 (Scoil Bhaile an Rí) 1972 (mar Scoil na Páirce Nua) |
Áit | Ascal Pháirc an Bhaile Nua, An Charraig Dhubh, Contae Átha Cliath, Éire |
Mic Léinn | ~750 |
Príomhoide Leas-Phríomhoide |
Derek Lowry Mark Cookman |
Gréasán | http://www.newparkschool.ie |
Meánscoil chomhoideachais, chuimsitheach, gan táille, i gcúram Eaglaise na hÉireann is ea í Scoil na Páirce Nua (Béarla: Newpark Comprehensive School), atá suite ar Ascal Pháirc an Bhaile Nua sa Charraig Dhubh, i gContae Átha Cliath, Éire.
Bunaíodh an scoil mar Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua i 1972 tar éis cónascadh na scoileanna Scoil Bhaile an Rí agus Scoil Abhóca, chun chomhoideachais gan táille a chur ar fáil do Phobal Eaglaise na hÉireann in Áth Cliath Theas. Anois tá bun-aidhm chéanna ag an scoil. Ach, cé go bhfuil meon na hEaglaise ann, tá beartas oscailteachta maidir le traidisiúin ⁊ le cultúir. Mar scoil chuimsitheach, cuireann Scoil na Páirce Nua fáilte roimh bhuachaillí ⁊ roimh chailíní cibé creideamh nó eitneacht.
Clár ábhair |
[athraigh] An Campas
Tá achar campais Scoil na Páirce Nua 32,375m² (8 acraí) i méid. Tá foirgneamh saintógtha lárnach don scoil, a bhí oscailte i 1974, ach baintear úsáid as dhá teach mór, "Melfield" ⁊ "Belfort" (An "Red-Brick" an t-ainm a chuireann na mic léinn air go ceanúil), fortheach saintógtha ar Belfort (An Foirgneamh F), teach geata agus seomraí coimhdeacha eile fréisin.
[athraigh] Áiseanna
- 25 Seomraí Ranga
- Halla Léachtaí (C6/Téatar Hunter)
- Leabharlann ⁊ dhá Seomra IT (A2/D8)
- Bialann
- 2 cistin d'Eacnamaíocht Bhaile (B1/B3) ⁊ Seomra Fuála (B5)
- 5 labanna (C1, C3, D6, D7, E1)
- Seomra Ealaíne (C5/C7)
- Seomra Líníochta Teicniúla (C8)
- Ceardlann Adhmadóireachta/Staidéir Foirgníochta (C9/C11)
- Ceardlann Miotalóireachta ⁊ Innealtóireachta (F6)
- Seomra Dorcha
- Seomra Ceoil (G4) (Is féidir lena Mic Léinn an Ionad Ceoil a úsáid fréisin).
- Seomra na Maor (E2)
[athraigh] Spórt
Imrítear haca ⁊ rugbaí le Scoil na Páirce Nua go traidisiúnta. Le déanaí tá cispheil á himirt fréisin
[athraigh] Haca
San am atá thart bhí clú ag Scoil na Páirce Nua mar mhór-scoil haca. I dtaca le Club Haca Abhóca, bhuaigh siad roinnt comórtas náisiúnta ⁊ idirnáisiúnta. Ar an drochuair, mar gheall ar cúiseanna éagsúla, bhí haca ag Scoil na Páirce Nua tar éis titim chun raice ag deireadh na nóchadaí agus tá an suíomh ag an mbomaite fós i bhfad níos measa ná na laethanta órga. Tar éis oscailt páirce nua de Chlub Haca Abhóca ar champas Scoil na Páirce Nua i 2005 áfách, tá haca ar an seanléim arís.
Imrítear haca le buachaillí ⁊ cailíní de ghach aoisghrúpa i Scoil na Páirce Nua.
- Senior
- Junior
- U16
- Minor
- U13
[athraigh] Íar-mhic léinn
- Bryan Dobson, Nuacht RTÉ
- Jonathan Philbin Bowman, craoltóir
- Chris Horn, IONA Technologies
[athraigh] Féach ar
[athraigh] Naisc Sheachtracha
- Scoil na Páirce Nua - suíomh oifigiúil (as Bhéarla amháin)
- Ionad Spóirt na Páirce Nua - suíomh oifigiúil (as Bhéarla amháin)
- Ionad Ceoil na Páirce Nua - suíomh oifigiúil (as Bhéarla amháin)
- Club Haca Abhóca - suíomh oifigiúil (as Bhéarla amháin)