Teuvo Tulio
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dearctar ar Teuvo Tulio, nó Teodor Antonius Tugai (23 Lúnasa 1912 Cathair Pheadair - 8 Meitheamh 2000 Heilsincí) mar mháistir an anghrá agus an mhéaldráma i stair scannánaíochta na Fionlainne. Ina aisteoir a thosaigh se sa bhliain 1929, agus é ag déanamh róil thábhachtacha i scannáin leis an stiúrthóir Valentin Vaala a bhí suite i saol na nGiofóg. Bhí folaíocht na Laitvia is na Rúise ann, agus cuma eachtrannach air a rinne an-mhealltach, an-draíochtúil i súile na mban é. Cuireadh i gcomparáid le Rudolph Valentino féin é. Sa bhliain 1936 a stiúraigh sé an chéad scannán dá chuid féin. Na scannáin a rinne sé sna tríochaidí, bhí siad uile bunaithe ar chlasaicigh mhóra na litríochta Fionlannaí, agus thaitin siad go mór mór leis na léirmheastóirí. Chaith sé na blianta cogaidh ag déanamh obair bolscaireachta don arm.
Roimh an gcogadh, b'iad na méaldrámaí tuaithe a thuill a chlú dó, ach ina dhiaidh sin, chrom sé ar chur síos a thabhairt ar shaol na cathrach. Bhí saol drabhlásach, peacúil na cathrach ina théama tábhachtach sna scannáin seo, agus laoch tipiciúil ab ea í an cailín macánta ón tuath a chuaigh le meirdreachas sa chathair mhór. Bhí na téamaí seo oiriúnach go maith don stíl dhrámatúil scannánaíochta a bhí ag Tulio, ach san am céanna, is léir go raibh deacrachtaí go minic aige le cinsireacht na scannán. Shíltí, freisin, go ndeachaigh sé thar fóir, ó thaobh na gcúrsaí craicinn de, sa dá scannán deireanacha a rinne sé, mar atá, Se alkoi omenasta (1962) agus Sensuela (1972). Cuireadh pornagrafaíocht i leith Sensuela, ach go háirithe.
[athraigh] Saothair
- Taistelu Heikkilän talosta ("Teach Heikkilä ina Chúis Achrainn") 1936
- Nuorena nukkunut ("A Thit ina Codladh go hÓg") 1937, bunaithe ar úrscéal le Frans Eemil Sillanpää
- Kiusaus ("An Cathú") 1938
- Laulu tulipunaisesta kukasta ("An tAmrán faoin mBláth Caordhearg") 1938, bunaithe ar úrscéal le Johannes Linnankoski
- Vihtori ja Klaara ("Vihtori agus Klaara", nó "Vioctóir agus Sorcha") 1939
- Unelma karjamajalla ("An Aisling ag Bothán na mBó") 1940
- Sellaisena kuin sinä minut halusit ("Mar a theastaigh mé uait") 1944
- Rakkauden risti ("Cros an Ghrá") 1946
- Levoton veri ("An Fhuil Mhíshuaimhneach") 1946
- Intohimon vallassa ("Gafa ag an bPaisiún") 1947
- Forsfararnas kvinna (leagan Sualainnise den scannán Fionlainnise Hornankoski, nó "Fánsruth Ifrinn" a stiúraigh Roland af Hällström) 1949
- Rikollinen nainen ("An Coirpeach Mná") 1952
- Mustasukkaisuus ("Éad") 1953
- Olet mennyt minun vereeni ("Chuaigh tú san fhuil ionam") 1956
- Se alkoi omenasta ("Úll a chuir tús leis") 1962
- Sensuela 1972