Tiarna na bhFáinní
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Tiarna na bhFáinní mar úrscéal fantasaíocht eipiciúil scríofa ag an múinteoir J. R. R. Tolkien. Ar dtús báire bhí sé mar scéal leantach don Hobad, scéal fantasaíocht eile a scríobh sé roimhe, ach d'fhorbair sé go scéal níos mó agus níos cáiliúil. Bhí sé scríofa i bpíosaí idir 1937 agus 1949, chuid mhaith dó sa Dara Cogadh Domhanda. I dtosach scríobhadh é i dtrí imleabhairsa idir na bliana 1954 agus 1955 (cé go chuir sé as do Tolkien, toisc gur scríobh sé iad mar leabhair amhain). Ó shin tá sé clóite cúpla uair agus aistrithe go, ar a laghad, 38 teanga, agus tá sé cheann de na úrscéalta is cáiliúla sa 20ú aois.
Tá an scéal suite sa fíor domhain seo, ach an domhain a shamlaigh Tolkien san aimsir caite, roimh eolaíocht, tar eis titim Atlantis a shamhlaigh sé, nó Númenor, mar a glaoann Tolkien air. Thug Tolkien ainm Béarla ar an láithir seo Middle-earth (An Mean Domhain), a dtagann ón sean Béarla Middangeard, an suíomh a chónaigh an cine daonna i miotaseolaíocht Ioruach agus Gearmánach.
Tá an scéal búnaithe ar eachtraí pobail éagsúla mar na Hobaid, Lucharacháin, Daoine, Abhacáin, Druid, agus Oircigh. Tá siad go léir bainteach leis na bhfáinní cumhachtaí a rinne an Droch-Thiarna Sauron. Ag tosú in ait chuin, An tSír, leanann an scéal ó bun go barr an Méan Domhain agus eachtraí Cogaidh an Fáinne. I ndiadh an scéal é féin tá sé foscríbhinn a thugann, iarfhocal don scéal, cúlra staire agus teanga a bhí luaite sa scéal, comh maith le eolas bunúsach ar na carachtair, ainm aite, agus nótaí ar tearmaí.
Comh maith le obair scríofa eile a scríobh Tolkien, déantar dianstaidéar ar téama liteartha agus foinse an scéal. Cé gur úrscéal mór é féin, níl sé ach píosa den ciorcal iomláin, an legendarium, a rinne Tolkien obair ar ó 1917 ar aigheadh. Bhí tionchar ag alan rudaí ar an scéal iontach mór seo ina measc, focleolaíocht, miotaseolaíocht, tionscailíocht, agus reiligiún, comh maith agus sean scéalta fantasaíocht agus taithí Tolkien sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí tionchar ollmhór ag Tiarna na bhfáinní scéalta fantasaíocht an la atá inniú ann. Bhí na scéalta comh éifeachtach gur tuairiscíodh na focail "Tolkienian" agus "Tolkienesque" i bhFoclóir Béarla Oxford.
Tá méid sin clú agus cáil ar Tiarna na bhFáinní go ndéantar tagairtí dó i cúltúr nua-aimsirthe, tá na sluaite cumainn búnaithe ag lucht léanúnaigh na scéalta, agus ta na céadta leabhair scríofa faoi Tolkien agus a thugann níos mó cúlra don scéal. Thug Tiarna na bhFáinní spreagadh (agus léanann sé ag spreagadh) do scríobh scéalta gearra, cluichí ríomhaire, obair ealaíonn agus ceoil. Rinneadh alán oiriúnaithe do scéalta Tolkien don méan cumarsáide, go háirithe ar an ráidió, ar an stáise agus scánann. Spreag scannáin (na trí chinn) Tiarna na bhFáinní a scaoileadh amach idir 2001–2003 suim nua i obair mór Tolkien.