Woody Allen
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceoltóir, scríbhneoir, aisteoir agus déantóir scannán is ea Woody Allen (a rugadh mar Allen Stewart Konigsberg ar an 1 Nollaig, 1935). I mbarr a réime anois le breis is 30 bliain, tugtar aitheantas ar fud an domhain dá shaothar éirimiúil greannmhar.
Rinne Allen a chéad scannán What’s New Pussycat i 1965 ach ba leis an scannán Take the Money and Run i 1969 a thosaigh Allen ag feidhmiú mar stiúrthóir i ndáiríre.
I 1977 a eisíodh a scannán ab iomráití fós. Scéal grá, grinn agus bróin, bhuaigh Annie Hall ceithre dhuais ag na hOscair an bhliain sin agus dúradh go raibh Allen tar éis meas nua a chothú ar genre an scannáin ghrinn rómánsúil.
Tá tionchar na litríochta, na fealsúnachta agus na síceolaíochta go léir le feiceáil i saothar Allen, ach is é Nua-Eabhrac, an áit ar rugadh agus ar tógadh é (agus, dár ndóigh, áit a bhfuil cónaí fós air), atá mar phríomhinspioráid aige. Tá an spreagadh seo le féiceáil go háirithe sa scannán ómósach úd Manhattan (1979).
Cé go dtugtar urraim fós dó mar stiúrthóir, tá roinnt drochphoiblíochta tuillte ag Allen thar na blianta chomh maith. Rinneadh dochar dá ainm ag tús na nóchaidí nuair a d’fhág sé a bhean Mia Farrow ar mhaithe le Soon-Yi Previn, uchtleanbh Farrow ó chaidreamh eile.
Cé go bhfuil aois mhaith sroichte ag Woody Allen anois, tá sé fós gníomhach mar stiúrthóir agus dúirt sé in agallamh le déanaí gurb é a phictiúr deireanach, Match Point (2005), an pictiúr ab fhearr dá ndearna sé riamh.