Académie française
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhairle tábhachtach is ea an Académie française (Acadamh na Fraincíse) a stiúrann an Fhraincis. Bhunaigh an Cairdinéal de Richelieu é sa bhlian 1635, i ré rí Louis XIII. Tá sé ar cheann des na h-institiúid is ársa sa bhFrainc. Tá 40 bhall ann, a thoghann na baill atá cheana ann.
Clár ábhair |
[athraigh] Feidhm
Tá feidhm dúbailte ag Acadamh na Fraincíse:
[athraigh] Freastal a dhéanamh ar an bhFraincís
Tugadh an chéad fheidhm don Acadamh óna thús de réir a chuid dlithe féin. Chun an bheart sin a dhéanamh, d'oibrigh an Acadamh san am atá thart le caoi a chur ar an teanga, chun oidhreacht choitianta a dhéanamh di do mhuintir na Fraince ar fad, agus dóibh siúd ar fad a labhraíonn an Fhraincís.
Sa lá atá inniu ann, 'sé is gá ná a cuid tréithe a choinneáil agus feigheal a dhéanamh ar fhorbairtí riachtanacha. Cuireann an Acadamh úsáid mhaith in iúl. Déantar sin tré chruthú fhoclóra Acadaimh na Fraincíse (Dictionnaire de l'Académie française) a shocraíonn úsáid na teangan, ach freisin tréna chuid comhairle agus tré bheith páirteach i gcoimisiúin éagsúla ar fhoclaíocht.
[athraigh] Patrúnacht
Cuireadh i ndán don eagraíocht an dara chuspóir - an phátrúnacht, nó coimirce ar obair liteartha - nár feiceadh a gá ag tús na h-eagraíochta, tré bhronntanais agus oidhreachtaí a tugadh di. Tugann an Acadamh tuairim is seasca duais litríochta 'chuile bhlian.
Ba chóir Duais Mór Réimse na Fraincíse, nó grand prix de la Francophonie, duais a bhronntar 'chuile bhliain ó 1986 i leith agus a thugann le fios suim leanúnach an Acadaimh i mbláthú na teangan Fraincíse sa domhain, a lua go háirithe.
Chomh maith leis sin, tugann an Acadamh síntiúis do chumainn liteartha agus eolacha, do thograí charthanacha, do go leor clann i ngátar, do bhaintrigh, do dhaoine in ísle fábhair nó a rinne éacht lena dtabhairt féin suas ag cuspóir thábhachtach, chomh maith le roinnt sparáin (Sparáin Zellidja, Neveux, Corblin, Damade).
[athraigh] Stair
Chuir Cairdinéal de Richelieu an Acadamh ar bun i 1635. Cuireann na dlíthe agus rialacha a chuir an Chairdinéal ar aghaidh, chomh maith leis na lettres patentes a chuir Louis XIII a ainm leo i 1635 agus a chláraigh an Pharlaimint i 1637, a caractar oifigiúil mar chomhlacht um fhir litreacha, a bhíodh ag teacht le chéile i mbealach neamhfhoirmiúil roimhe sin, ar bun.
B'é an misean a tugadh dó óna thús an Fhraincís a dhaingniú, rialacha a thabhairt di, agus í a fhágáil glan agus ion-tuigthe don uile dhuine. Uaidh sin, b'éigean dó tosú le foclóir a chumadh.
Foilsíodh an chéad eagrán de sin i 1694, agus na cinn eile i 1718, 1740, 1762, 1798, 1835, 1878, 1932-1935, 1992. Tá an naoiú cheann á fhoilsiú faoi láthair (??).
Thionóladh an Acadamh a cuid cruinnithe ar dtús i dteach duine éigin dá cuid ball, agus ina dhiaidh sin i chancelier Séguier ó 1639 ar aghaidh, sa Louvre ó 1672 ar aghaidh, agus ar deireadh i gColáiste na gCeithe Náisiún nó Collège des Quatre-Nations, ar deineadh ceannáras an Acadaimh de, ó 1805 do dtí an lá atá inniu ann.
I rith na dtrí gcéad bliain go leith atá sé ar an saol, d'éirigh leis a chuid institiúd a choinneáil beo, agus d'fheidhmigh siad go rialta, seachas an míshocracht idir 1793 agus 1803.
D'fógair an Cairdinéal de Richelieu mar chosantóir ar an Acadamh é féin. Ar a bhás, b'é an seansealéar Séguieran a thug an chosaint seo dó, agus ansin Louis XIV agus, as sin amach, na ríthe, impirí agus cinn stát ar fad ar an bhFrainc.
[athraigh] Na Déithe Buana (Les Immortels)
Tá 40 bhall in Acadamh na Fraincíse a thoghann an chuid atá ann rompu (?leurs pairs). Óna thús anall, ghlac sé le níos mó ná 700 mball.
Tugann sé le chéile filí, úrscéalaithe, fir amharclainne, fealsúnaithe, dochtúirí leighis, fir eolaíochta, eitneolaithe, léirmheastóirí ealaíne, saighdiúirí, fir stát, agus fir Eaglaise, agus rinne gach duine acu maisiú ar leith ar an bhFraincís.
Óna dhéantús éagsúil, tugann sé pictiúir fíor den taileann, den intleacht, den chultúr, den tsamhlaíocht litreach agus eolaíoch atá mar bhonn ag le génie de la France.
Ón gcomhartha agus mana (« À l'immortalité ») atá ar an gclaidheamh a thug bunaitheoir an Acadaimh, an Cairdinéal de Richelieu, don Acadamh a thagann leasainm na scoláirí, na Déithe Buana nó les immortels.
Bíonn cleachtadh acu, agus tá go fóill, ar bhreithiúnais soiléir a thabhairt ar úsáid cheart focla, agus as sin ar na coinchip agus na luaich a iompraíonn siadsin a shainmhíniú. Tá a n-údarás mórálta in ábhair teangan bunaithe in úsáid agus i dtraidisiún.
Dearadh an ionnar ghlas cháiliúil, a iompraíonn na scoláirí, leis an bicorne, an cápa agus an chlaidheamh, i rith suíomh shollúnta bliaintiúil an Acadaimh faoin Coupole, in aimsear an Consulat. Úsáidtear i measc baill go léir an Institut de France (Institiúd na Fraince) é. Meastar go minic gur sórt choisreacan thar chách é toghadh duine go dtí an Acadamh.
Is dínit atá buan ó aon athrú rialtas nó eile é feabhas scoláire. Ní féidir le haon duine éirí as an Acadamh. Ach is féidir leis an gcomplacht eisceacthaí a fhógrairt mar gheall ar chúiseanna troma a lotann onór; b'fhíor-annamh na h-eisceachtaí le linn na staire.
[athraigh] Baill an Acadaimh Fraincíse faoi láthair :
- René Rémond, a toghadh i 1998
- Hector Bianciotti, a toghadh i 1996
- Jean-Denis Bredin, a toghadh i 1989
- Jean-Marie Lustiger, a toghadh i 1995
- Tá an chathaoir seo folamh, cailleadh Georges Vedel i 2002. Cuireadh siar an toghchán don suíochán go 21 Deireadh Fómhair 2004, mar nár fhág áireamh an 25ú de Mhárta, 2004 toradh ghlan ar an gcúigear iarrthóir. 'Sé an 3ú thoghchán don chathaoir ó d'éag Georges Vedel.
- Marc Fumaroli, a toghadh i 1995
- Jacqueline Worms de Romilly, a toghadh i 1988
- Michel Déon, a toghadh i 1978
- Alain Decaux, a toghadh i 1979
- Florence Delay, a toghadh i 2000
- Gabriel de Broglie, a toghadh i 2001
- Jean d'Ormesson, a toghadh i 1973
- Pierre Messmer, a toghadh i 1999
- Hélène Carrère d'Encausse, a toghadh i 1990
- Frédéric Vitoux, a toghadh i 2001
- Valéry Giscard d'Estaing, a toghadh i 2003
- Érik Orsenna, a toghadh i 1998
- Michel Serres, a toghadh i 1990
- Pierre Moinot, a toghadh i 1982
- Angelo Rinaldi, a toghadh i 2001
- Félicien Marceau, a toghadh i 1975
- René de Obaldia, a toghadh i 1999
- Pierre Rosenberg, a toghadh i 1995
- Jean-François Revel, a toghadh i 1997
- Jean Bernard, a toghadh i 1975
- Jean-Marie Rouart, a toghadh i 1997
- Pierre Nora, a toghadh i 2001
- Henri Troyat, a toghadh i 1959
- Claude Lévi-Strauss, a toghadh i 1973
- Maurice Druon, a toghadh i 1966
- Jean Dutourd, a toghadh i 1978
- Alain Robbe-Grillet, a toghadh i 2004
- Michel Mohrt, a toghadh i 1985
- François Cheng, a toghadh i 2002
- Yves Pouliquen, a toghadh i 2001
- Jean-François Deniau, a toghadh i 1992
- Tá an chathaoir seo folamh, de bharr bháis Robert-Ambroise-Marie Carré.
- François Jacob, a toghadh i 1996
- Bertrand Poirot-Delpech, a toghadh i 1986
- Pierre-Jean Rémy, a toghadh i 1988
[athraigh] "An 41ú chathaoir"
Bhí go leor scríbhneoirí, cáiliúil go minic, nár éirigh leo ariamh dul trí gheataí an Acadaimh uasail, ar chúiseanna éagsúla, mar nárbh iarrthóirí riamh iad, mar nar glacadh lena n-iarratais, nó mar gur thóg an bás leis iad roimh a n-am. B'é Arsène Houssaye a cheap an ainm 41ú chathaoir chun na h-údair sin a chur i gcéill i L'histoire du 41ème fauteuil de l'Académie française in 1885.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- L'Académie française: Suíomh oifigiúil
- Les Immortels: Liosta beatháisnéis na 705 Déithe Buana le cuidiú taighde
- La langue française: Tuairisc ar an bhFraincís
- Dictionnaire de l'Académie française: Foclóir Acadaimh na Fraincíse