Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Caighdeán Oifigiúil - Vicipéid

An Caighdeán Oifigiúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an Caighdeán Oifigiúil an caighdeán scríbhneoireachta, cló, ceartlitrithe agus gramadaí a cuireadh ar bun don Nua-Ghaeilge de réir a chéile i rith na fichiú haoise. Forbairt fhadaraíonach ab ea é caighdeánú na Gaeilge comhaimseartha, agus is iomaí locht a fuarthas ar ghnéithe éagsúla an chaighdeáin nuair a tháinig sé ar an bhfód. Bítear ag cáineadh an chaighdeáin i gcónaí, ó shíleann daoine a bhfuil dearcadh coiméadach acu ar chúrsaí na teanga, go háirithe i gCúige Uladh, nach dtugann an Caighdeán an urraim cheart dá gcanúint. Mar sin féin, tá an Caighdeán sách cóngarach don chuid is fearr de Ghaeilge an lae inniu, agus is ar éigean is féidir a rá go bhfuil sé ag freastal ar a thasc puinn níos measa ná caighdeáin na dteangacha nua-aimseartha eile.

Clár ábhair

[athraigh] Stair agus Forbairt an Chaighdeáin

[athraigh] Tábhacht an Chaighdeáin

Nuair a tháinig deireadh le cumhacht na nGall in Éirinn, ní raibh taithí nó cleachtadh ag aon duine ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil i gcúrsaí polaitíochta nó riaracháin. An cineál Gaeilge a bhí á saothrú, bhí focail agus téarmaíocht de dhíth uirthi, agus na daoine idir dhá chomhairle faoin gceartlitriú agus faoi cheart na Gaeilge ó thaobh na gramadaí de. Mar sin féin, bhí gradam nua le tabhairt don Ghaeilge agus í le hardú ar aon leibhéal le teangacha nua-aimseartha na hEorpa, cosúil leis an dóigh a raibh Éire le hardú ar aon leibhéal le tíortha neamhspleácha an domhain.

Bhí an Ghaeilge le hathbheochan mar shiombail lárnach do mhuintir na hÉireann agus do náisiúntacht na hÉireann. Cuid thábhachtach den athbheochan seo ab ea é an Ghaeilge a shruthlíniú agus a chur in oiriúint do shaol an lae inniu - í a iompú ina gléas nua-aimseartha cumarsáide. Ós rud é, áfach, go raibh sí ina siombail chomh tábhachtach, is iomaí Gaeilgeoir a fuair riachtanach cur in aghaidh gach sórt athruithe a dhéanfaí ar an teanga, nó bhí eagla orthu nach mbeadh údaracht ag baint leis an nGaeilge leasaithe a thuilleadh. Sin é an tuige go raibh an caighdeánú chomh mall ag teacht i gcrann agus a bhí.

I dtús athbheochan na Gaeilge, bhítí, fiú, den bharúil nár chóir tarraingt ar thobar na teanga labhartha ar aon nós, ach gurbh í an t-aon Ghaeilge mhaith amháin an Ghaeilge a shaothraíodh Seathrún Céitinn i ndeireadh ré na Gaeilge Clasaicí. Cé nach scinnfeadh an Céitinneach ó chaighdeán na teanga Clasaicí (an Ceart, mar a thugtar air), bhíodh sé ag scríobh stíl a bhí soiléir soléite i gcomparáid le scríbhneoirí eile na linne, go háirithe leis na staraithe - nó bhí sé de nós ag scríbhneoirí na saothar staraíochta teanga a scríobh a bhí doléite ar fad ag lucht na comhaimsire féin. Bhí luath-Ghaeilgeoirí ar nós Risteard de Hindeberg den tuairim gurbh í Gaeilge an Chéitinnigh an comhréiteach ab fhearr idir an Ghaeilge Chlasaiceach agus caint na ndaoine. Nuair a thaispeáin saothar Pheadair Uí Laoghaire, go háirithe Séadna, go raibh i bhfad níos mó sracadh sa teanga chomhaimseartha, caitheadh an Céitinneachas i dtraipisí agus tháinig Caint na nDaoine ina áit mar threoir d'fhorbairt na Gaeilge liteartha. Ós rud é, áfach, go raibh caint na ndaoine scoilte ina canúintí éagsúla, bhí sé deacair an teanga a chaighdeánú.

B'iad na haistritheoirí agus na múinteoirí ba mhó a mhothaigh uathu an caighdeán. Go háirithe sa Ghalltacht, ní rabhthas ar aon tuairim faoin gcineál Gaeilge ba chóir a mhúineadh do na páistí. Má bhí canúint éigin á labhairt i gcóngar don áit, ní raibh an cinneadh sin chomh deacair céanna, nó d'fhéadfaí aithris a dhéanamh ar an gcanúint sin. Sin é an fáth go mbítear go traidisiúnta ag múineadh Ghaeilge na Mumhan i gCorcaigh, Gaeilge Chonamara i nGaillimh agus Gaeilge Thír Chonaill i nDoire nó i mBéal Feirste. In áiteanna cosúil le Baile Átha Cliath, áfach, níor tháinig sé go nádúrtha ag na múinteoirí aon chanúint ar leith a roghnú thar na cinn eile.

B'é an chéad chéim a glacadh i dtreo na teanga caighdeánaí ná bunú Rannóg an Aistriúcháin le buanordú i Mí Mheán Fómhair 1922 le freastal ar riachtanaisí aistriúcháin na Dála. Bhí an Rannóg le páirt mhór a dhéanamh i gcaighdeánú na teanga.

[athraigh] Cath an Dá Chló

Bhí scéal an Chló Ghaelaigh fite fuaite le scéal an Chaighdeáin, nó go ginearálta, b'iad na daoine céanna a roghnaíodh an seanchló agus an seanlitriú. Le fírinne, ní cló Gaelach é an cló Gaelach, nó b'fhearr an cló Éilíseach a thabhairt air. Nuair a bhí aistriúchán Gaeilge den Bhíobla agus litríocht Chríostaí Phrotastúnach eile le scaipeadh sa Ghaeltacht, chinn an Bhainríon Éilís a hAon ar chlófhoireann ar leith a ghearradh don Ghaeilge le go mbeifí ábalta ábhar clóbhuailte a chur ar fáil a bheadh ag breathnú cosúil le Gaeilge scríofa na lámhscríbhinní. An duine a bheadh i dtaithí na lámhscríbhinní sin, ní bheadh sé i bhfad ag baint céille as an teanga chlóbhuailte, mar sin.

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, bhí bunús seo an chló Ghaelaigh ligthe i ndearmad ag na Gaeilgeoirí, áfach, agus iad géarbharúlach, ina lán cásanna, gur dlúthchuid de dhúchas na teanga a bhí i gceist leis an seanchló. Ní raibh státseirbhís ná forais oifigiúla eile an stáit róshásta leis an gCló Gaelach, áfach, ós rud é go raibh sé costasach foireann iomlán de chlóscríobháin speisialta a cheannach le freastal ar an nGaeilge. Tír bhocht ab ea í Éire san am, agus go leor oibre le déanamh chun í a atógáil i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus Chogadh Cathartha na hÉireann, a rinne an-léirscrios ar fud na tíre.

Ar an séú lá de Mhí Feabhra, 1923, d'ardaigh an Roinn Tionscail agus Tráchtála ceist an dá chló an chéad uair agus d'iarr ar an Ard-Chomhairle í a phlé, ach níor tháinig an Ard-Chomhairle ar aon chinneadh. Shuaith siad an cheist in athuair ar an 29ú lá de Mhí Iúil, 1924, agus is é an tátal a bhain siad as an scéal gur chóir an cló Rómhánach a chur in úsáid feasta i scríbhinní na Státseirbhíse, le taobhshúil ar an gcostas a bhí ag baint leis an gcló Gaelach. B'í an t-aon eisceacht a cheadaigh siad ná na páipéir scrúdúcháin, nó bhí an chuid ba mhó de na leabhair scoile sa chló Gaelach, agus ní bheadh cothrom Féinne ann dá gcuirfí an cló contráilte os comhair daltaí scoile nach raibh ina thaithí. B'é an cuspóir fadtéarmach, ar ndóigh, an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile fosta an lá ab fhaide anonn. - Mí ina dhiaidh sin, leasaigh an Ard-Chomhairle an cinneadh sin beagáinín, nó chuir siad in iúl nach dianchosc a bhí ann leis an gcló Gaelach. Is é sin, dá mbeadh clóscríobhán Gaelach faighte agat cheana féin, bheadh sé ceart go leor é a úsáid, agus ní bheadh sé toirmiscthe ort ach an oiread úsáid a bhaint as an gcló Gaelach le haghaidh maisiúcháin.

Ní raibh sé chomh furasta, áfach, fáil réitithe den chló Ghaelach. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna ag baint úsáide as, agus b'é an cló ba choitianta sna leabhair Ghaeilge a bhí foilsithe. Thairis sin, tháinig an pholaitíocht isteach chomh maith. Go bunúsach, b'é rialtas Chumann na nGaedheal a bhí ag fabhrú don chló Rómhánach, agus Fianna Fáil agus Eamon de Valera ag cur ina aghaidh. Ar an gcúigiú lá de Mhí Aibreáin, 1927, chinn an Ard-Chomhairle ar an gcló Rómhánach a thabhairt isteach i rith an chéad bhliain eile. B'é Earnán de Blaghd a mhol an t-athrú thar aon duine eile, nó bhí sé inbharúla nach raibh ach piseog agus seafóid i gceist leis an ngrá a bhí daoine áirithe a thabhairt don tseanchló.

Sa bhliain 1931, d'eisigh Earnán de Blaghd ordú oifigiúil le deireadh deifnideach a chur le húsáid an chló Ghaelaigh i gcóras riaracháin an Stáit. Níor thaithin an iarracht seo le Conradh na Gaeilge, a chuaigh amach sna sráideanna le cur in aghaidh an ordaithe. Dealraíonn sé go raibh rialtas Chumann na nGaedheal an-mheáite ar éirí as an seanchló, ach nuair a ghnóthaigh Eamon de Valera agus Fianna Fáil na toghcháin sa bhliain 1932, d'athraigh an port ar an toirt. Go bunúsach, héiríodh as an bhfeachtas leis an gcló Gaelach a ruaigeadh as an Státseirbhís, ach ní dhearna Fianna Fáil iarracht ar bith leis an gcló Gaelach a bhrú anuas orthu siúd a bhí ag úsáid an chló Rómhánaigh cheana féin.

Seacht mbliana ina dhiaidh sin, d'ardaigh Seán Mac an tSaoi, an tAire Airgeadais, an cheist faoi chló na Gaeilge arís. Cosúil leo siúd a chardáil an cheist seo roimhe, bhí sé barúlach go raibh an cló Gaelach ag cosaint an iomarca airgid, agus go raibh costas an chló ag déanamh dochair d'athbheochan na teanga féin. Phléigh coiste éigin an cheist an uair sin, ach níor thángthas ar aon chinneadh ar leith.

Cosúil le Seán Mac an tSaoi, bhí an chéad Aire Airgeadais eile, Tomás Ó Deirg, den tuairim gur chóir an cló Rómhánach a thabhairt isteach. San am céanna, bhí a fhios aige go gcuirfeadh sé fearg ar na múinteoirí scoile, agus mar sin, bhí sé den bharúil gur chóir don Rialtas iomlán freagracht as an athrú a ghlacadh orthu féin. Tháinig an Rialtas le chéile ar an 14ú Feabhra 1939, ach ní raibh de mhisneach orthu cinneadh deifnideach a ghlacadh faoi cheist an chló. Chinn siad ar fhoclóir nua téarmaíochta a fhoilsiú sa chló Rómhánach, áfach.

I rith na ndaichidí, tháinig an caighdeán nua ceartlitrithe go mór mór chun tosaigh, ach ní féidir a rá go gcuirfeadh sé mórán luais le hathrú an chló. Ar an 21ú Márta 1950, dúirt an Ginearál Risteard Ó Maolchatha, a bhí ina Aire Oideachais san am, nár theastaigh uaidhsean an cló Rómhánach a thabhairt in úsáid sna leabhair scoile, ó bhí an oiread sin deacrachtaí ag na páistí cheana féin an litriú nua caighdeánach a fhoghlaim. B'é a thuairim freisin nach raibh fonn ar leith ar aon duine in earnáil an oideachais an cló Rómhánach a chur in áit an chló Ghaelaigh. Freagra ab ea iad tuairimí seo an Ghinearáil ar cheist ón Teachta Dála Seán Ó Duinn, a bhí den bharúil go raibh sé de chlaonadh sna hiriseoirí an cló Rómhánach a roghnú thar an gcló Gaelach, agus é ag fiafraí den Aire Oideachais, nár mhithid an rud céanna a dhéanamh sna scoileanna freisin.

Bhí an chuma ag teacht ar an scéal, áfach, nach bhféadfaí an cló Gaelach a choinneáil beo mórán eile, agus nach raibh an Roinn Oideachais ach ag iarraidh an rud dosheachanta a choinneáil siar. Ar an 10ú Feabhra 1954, fuair an tAire Oideachais Seán Ó Maoláin ceist den chineál chéanna le freagairt ón Teachta Dála Breandán Mac Fheorais. Is é an rud a dúirt sé ná nach raibh sé de rún ag an Roinn Oideachais an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile go léir, nó ní raibh na múinteoirí ródhoirte don smaoineamh, a d'áitigh sé.

Thit sé ar chrann Phádraig Uí Irghile, Aire Oideachais de chuid Fhianna Fáil, an cló nua a thabhairt isteach. Sa bhliain 1963, d'ordaigh sé go gcuirfí deireadh le húsáid an tseanchló sa chóras oideachais, agus go raibh an cló Rómhánach le tabhairt isteach de réir a chéile, bliain i ndiaidh bliana.

[athraigh] Caighdeánú an Litrithe

B'í Rannóg an Aistriúcháin ba túisce a thosaigh ag simpliú litriú na Gaeilge, agus b'iad riachtanaisí nádúrtha an ghnó ba chúis leis. Bhí an seanlitriú - nó an sean=leitriughadh - cliotráilte le litreacha nach bhfuaimneofaí ar aon nós, agus ó ba rud é go raibh an Rannóg ag tacú leis an gcló Rómhánach, b'amhlaidh ba mheasa an fhadhb, nó sa chló Rómhánach, d'úsáidtí an litir h in áit an phonc shéimhithe, rud a chuirfeadh tuilleadh le fad na bhfocal. Chuir sé leis na deacrachtaí nach raibh dlí ar bith ann, agus gach duine sásta go raibh cead aige a chuid leasuithe féin a chur i bhfeidhm ar an litriú, mar ba dóigh le Myles Dillon sa bhliain 1929.

Bhí luí ag an Roinn Airgeadais leis an litriú nua agus leis an gcló Rómhánach. Sa bhliain 1931, d'eisigh an Roinn imlitir inar chuir siad leasuithe na Rannóige Aistriúcháin in aithne don Státseirbhís, i gcruth is go mbeifí ullamh ciall a bhaint as an nGaeilge a bheadh litrithe de réir chóras na Rannóige. Ar an 4ú Bealtaine 1937 cheap Eamon de Valera coiste le leasuithe a mholadh do litriú na Gaeilge le haghaidh an Dréacht-Bhunreachta a bhí le heisiúint san am seo. B'é Eoin Mac Néill a bhí i gceannas ar an gcoiste. Cuireadh na moltaí i bhfeidhm ar an chéad eagrán clóbhuailte den Dréacht-Bhunreacht, ach bhí de Valera den tuairim nach raibh iontu ach an chéad chéim ar aghaidh.

Ar an 10ú Bealtaine 1939 d'iarr Rúnaí an Rialtais ar shraith de scoláirí aithnidiúla Gaeilge súil a chaitheamh ar mheamraim faoi litriú na Gaeilge a bhí eisithe ag Rannóg an Aistriúcháin - ina measc Osborn Ó hAimhirgín, T.F. Ó Raithille, Tadhg Ó Donnchadha ("Tórna"), agus Séamus Ó Searcaigh, an cainteoir dúchais ó Thír Chonaill a bhí ina scoláire Gaeilge. Thairis sin, chuaigh de Valera go príobháideach i dteagmháil leis an Athair Pádraig de Brún lena bharúilsean a fháil.

Bhí an chuid ba mhó de na scoláirí seo ag tacú leis na leasuithe seo, ach ba leasc le Tórna a dhath a athrú i litriú na Gaeilge, ó bhí sé buartha faoin éagóir a dhéanfaí do lucht labhartha na canúna seo nó siúd dá gcuirfí litriú os a gcomhair nach bhféadfaidís fuaimniú a gcainte dúchasaí féin a bhaint as. Ón taobh eile de, bhí daoine de na scoláirí fabhrach do leasuithe ní ba radacaí ná na cinn a bhí á moladh ag an Rannóg ("bóhar" a dhéanamh de "bóthar", cuir i gcás).

Cuireadh tuairimí na scoláirí in iúl don Dáil ar an 5ú Meitheamh 1939, ach thóg sé bliain eile sula bhfuarthas freagra ar bith. Cuid mhaith de na leasuithe, thug an Dáil faomhadh dóibh, agus foilsíodh i meamram ar leith iad i bhfómhar na bliana 1940.

Ar an 27ú Márta 1941 a thug Scoil an Léinn Cheiltigh a thuairisc féin. Bhí fochoiste ceaptha ag an Scoil leis na cúrsaí seo a phlé, agus ní hamháin go raibh an fochoiste ag tacú le leasuithe na Rannóige, bhí siad, fiú, ag moladh tuilleadh athruithe. Maidir leis an Rannóg féin, chuir siadsan a mbarúil ar pár ar an 20ú Bealtaine 1941, agus iad ag moladh measarthacht sna cúrsaí seo. Roimh aon rud eile, ba chóir féachaint chuige go bhféadfadh gach duine an litriú a fhuaimniú de réir a chanúna féin.

Ní raibh gluaiseacht na Gaeilge róshásta leis na hathruithe a bhí á moladh. Ar an 19ú Meitheamh 1941, d'fhógair Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge nach dtréigfidís litriú an Duinnínigh choíche. Fuair siad tacaíocht ó Choiste Gnó an Chomhchaidrimh, a dúirt go raibh sé rómhoch aon cheartlitriú caighdeánach amháin a fhorbairt don Ghaeilge. Thairis sin, bhí an Coiste Gnó ag cáineadh an Chaighdeáin toisc nár thug sé aon urraim cheart do thraidisiún liteartha na Gaeilge ná do chanúintí Chonnacht agus Uladh.

Ar an 11ú Samhain 1941 bunaíodh an Coiste Litrithe leis an litriú a ghiorrú is a shimpliú, ionas go mbeadh an Ghaeilge oiriúnach mar ghléas don chumarsáid chomhchoiteann. B'é Tomás Ó Rahile an Cathaoirleach, agus Séamus Mac Úgo ó fhoireann aistriúcháin na Dála ina rúnaí don choiste. B'iad na baill eile ná Proinsias Ó Tighearnaigh ón Roinn Oideachais, Liam Ó Rinn agus Sean Ó Cathasaigh ó Rannóg an Aistriúcháin, Domhnall Mac Grianna ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus Máirtín Ó Flaithbheartaigh ó Roinn na nGnóthaí Eachtracha. Bhí Comhaltas Uladh míshásta le roghnú na mball, ó nach raibh Ultach ar bith ina measc.

Bhí Tomás Ó Rahile den bharúil nach mbeadh gá le haon fhoirm inghlactha amháin a bheith ag gach aon fhocal. D'fhéadfaí glacadh le "madadh" chomh maith le "madra", nó bhí dúblóga den tsaghas sin coitianta go leor sna teangacha cultúrtha, dar leis. B'é an rud ba tábhachtaí ná féachaint chuige go mbeadh an litriú nua ag teacht leis féin agus ag leanúint prionsabail agus rialacha loighciúla, ionas nach rachadh an phraiseach tuilleadh chun donais.

Níor éirigh leis an gCoiste, áfach, teacht ar aon chineál aontais. Bhí cuid de bhaill an choiste go fíochmhar in éadan gach sórt iarrachtaí leis an litriú a shimpliú, agus duine acu ag bagairt go dtarraingeodh sé na seantithe anuas ar an gcoiste go poiblí dá nglacfaí le haon leasú nach dtaithneodh leis féin.

Is é an tátal a bhain Eamon de Valera as obair an choiste gurbh fhearr gan an iomarca daoine a tharraingt isteach sa ghnó, agus ar an 20ú hAibreán 1942, d'fhág sé faoi Liam Ó Rinn ina aonar é. Bhí Liam Ó Rinn ina phríomhaistritheoir don Dáil, rud a chiallaigh, dar le de Valera, go mbeadh sé ábalta an tasc a chur i gcrích le neart a thaithí oibre féin. Chaithfeadh Tomás Ó Rahile ó Scoil an Léinn Cheiltigh spléachadh ar thorthaí obair Uí Rinn ina dhiaidh sin.

Chuir Liam Ó Rinn a chuid moltaí faoi bhráid an Rathailligh ar an 15ú hEanáir 1943. Bhí an moladh ní ba radacaí ná an dóigh a scríobhaimid an Ghaeilge inniu, nó, mar shampla, bhí an focal eile le scríobh mar ele. Cuid de na moltaí seo, áfach, chuaigh siad in úsáid idir an dá linn. Ar an 22ú hAibreán 1943, d'fhógair de Valera go raibh sé measartha sásta leis na moltaí, ach san am céanna, chuir sé féin mionleasuithe leo, agus glacadh leis an gcuid ba mhó acu. Chuaigh de Valera i dteagmháil phearsanta le Liam Ó Rinn ar an 30ú hIúil 1943, agus thosaigh an cruth deifnideach ag teacht ar an litriú.

Ina dhiaidh sin, d'iarr de Valera ar fhoireann aistriúcháin na Dála a mbreithiúnas féin a thabhairt ar mholtaí Uí Rinn, agus ar an 19ú Meán Fómhair 1943, fuair Rúnaí an Rialtais moltaí na n-aistritheoirí. Bhí Tomás Page, a bhí le teacht i gcomharbas ar Liam Ó Rinn mar phríomhaistritheoir ar an Rannóg i ndiaidh a bháis siúd, barúlach gur chóir srónaíl an ghuta i bhfocail cosúil le comhalta, comhar, comhairle agus romham a chur in iúl ar bhealach éigin, agus b'é an moladh a bhí aige ná an cuairín (accente circonflexe na Fraincise). Mar sin, litreofaí na focail thuasluaite mar côlta, côr, côirle, agus rôm. Bhí an chuid ba mhó de na haistritheoirí ina aghaidh, áfach, agus iad ag moladh cólta, cór, cóirle, róm. Ar an 5ú Meitheamh 1944, shocraigh de Valera an scéal. Bheadh sé ródheacair comhartha nua a thabhairt isteach i litriú na Gaeilge, dar leis, ach ba chóir an tsrónaíl a chur in iúl ar bhealach éigin, agus roghnaigh sé an seanlitriú a choinneail i bhfeidhm i bhfocail den tsórt seo. (Uaireanta, áfach, úsáidtear an cuairín i bhfoilseacháin bhéaloidis ina bhfuiltear ag iarraidh cur síos cruinn a thabhairt ar fhuaimeanna na canúna. Sampla maith de sin is ea é an leabhar Seanachas ó Chairbre 1, a d'fhoilsigh Donncha Ó Cróinín sa bhliain 1985.)

Ar an 14ú Meitheamh 1944, d'fhógair de Valera go raibh sé sásta leis an gcomhréiteach a bhí sroichte, agus chuaigh an litriú nua in úsáid an chéad uair sa leagan Gaeilge de bhunreacht na bliana 1945. Sa bhliain chéanna, foilsíodh an chéad eagrán de Litriú na Gaeilge: an Caighdeán Oifigiúil. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, tháinig eagrán leasaithe, Litriú na Gaeilge, Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil, i gcló, agus i bhFeabhra na bliana a bhí chugainn, d'eisigh an tAire Oideachais Risteard Ó Maolchatha imlitir faoi úsáid an litrithe nua in obair na scoileanna. Bhí an litriú caighdeánaithe le tabhairt isteach sna scoileanna de réir amchlár céimnithe, ionas go n-éireofaí as an seanlitriú go hiomlán sa bhliain 1952.

[athraigh] Caighdeánú na Gramadaí

Nuair a bhí de Valera ag labhairt leis an gCoiste Liteartha agus, ina dhiaidh sin, le Liam Ó Rinn agus leis an Rathailleach faoi chúrsaí an litrithe, ní dhearna sé dearmad trácht ar an riachtanas a bhí le gramadach chaighdeánaithe chomh maith. Níor lig na deacrachtaí praiticiúla tús ceart a chur leis an obair seo i gceart roimh Mhí Iúil 1953, nuair a foilsíodh Gramadach na Gaeilge: Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin. Ní raibh ann ach moladh, ar dtús.

Phléigh an Dáil an ghramadach seo ar an 10ú Feabhra 1954. B'fhollasach nach bhféadfaí an caighdeán deifnideach a chruthú thar oíche, agus bhí na Teachtaí Dála den bharúil gurbh fhearr gan aon driopás a dhéanamh, ionas go bhféadfadh an chosmhuintir dul i dtaithí na moltaí agus a mbreithiúnas féin a thabhairt orthu.

I Mí Iúil 1958, foilsíodh an ghramadach chaighdeánaithe agus an litriú nua faoi chlúdach aon leabhair amháin, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil. Is é sin an "Caighdeán" mar is aithin dúinn inniu é.

[athraigh] Na Foirmeacha Caighdeánacha

B'iad na príomhrialacha a bhí ag lucht pleanála an Chaighdeán ná foirmeacha a roghnú a mbeadh údarás maith acu i gcaint bheo na Gaeltachta, fabhrú do na leaganacha ba choitianta sa Ghaeltacht, cuimhneamh ar an traidisiún liteartha agus stairiúil, agus an teanga a dhéanamh chomh rialta agus chomh simpli agus ab fhéidir. Ar ndóigh, ba mhinic a chaithfí comhréiteach a lorg idir na prionsabail seo, ó nach bhféadfaí iad uile a shásamh san am céanna.

[athraigh] Na hAinmfhocail

Maidir leis na hainmfhocail a chríochnaíonn ar -úir/úr, -éir/éar, -aeir/aer, b'í an bhunriail ar chloígh ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin léi ná, más ainm ar chineál éigin duine a bhí i gceist, gur chuir siad sa tríú díochlaonadh é (abair, táilliúir, gineadach táilliúra; siúinéir, gineadach siúinéara, druncaeir, gineadach druncaera), ach mura raibh an focal ag tagairt do dhuine, cuireadh sa chéad díochlaonadh é (dintiúr, séasúr, rásúr, nádúr agus araile). Eisceacht é an focal gasúr, ar ndóigh - is dócha nach raibh an leagan *gasúir ar fáil go forleathan i gcaint na Gaeltachta.

Cuid de na hainmfhocail bhaininscneacha sa dara díochlaonadh, ba mhinic a bhí siad tar éis glacadh le foirm stairiúil an tuisil thabharthaigh mar ghnáthfhoirm sa tuiseal ainmneach. Cuid de na focail seo, tugadh isteach an fhoirm stairiúil mar fhoirm oifigiúil den fhocal: bos, bróg, cíor, cluas, cnámh, cos, croch, fréamh (ní cuid den chaighdeán í an fhoirm préamh, cé go n-úsáidtear go forleathan sna canúintí í), lámh, leac, mias, chomh maith leis na focail uile a chríochnaíonn ar -óg, -eog: fuinneog, mar shampla. Ba mhinic ab éigean do lucht pleanála an Chaighdeáin glacadh le foirm an tuisil thabharthaigh mar ainmneach, ó bhí an t-ainmneach stairiúil in éag sna canúintí labhartha: aimsir in áit aimsear, binn in áit beann, cill in áit ceall, creig in áit creag, deoir in áit deor, maidin in áit maidean, muintir in áit muintear.

Ainmfhocail áirithe a chríochnaíonn ar ghuta sa teanga Chlasaiceach, agus iad aicmithe sa chúigiú díochlaonach (nach bhfuil ann ach cineál buicéad truflaise do na hainmfhocail neamhrialta), cuireadh sa dara díochlaonadh iad, agus foirm stairiúil an tuisil thabharthaigh mar fhoirm an tuisil ainmnigh acu: bachlainn, gin. bachlainne (in áit bachla, tabh. bachlainn, gin. bachlann), ealaín, gin. ealaíne (in áit ealadha, tabh. ealadhain, gin. ealadhan), gualainn, gin. guaille (seanlitriú guailne; in áit guala, tabh. gualainn, gin. gualann), uillinn, gin. uillinne (in áit uille, tabh. uillinn, gin. uilleann, ach coinnigh cuimhne ar an mbuanteilgean cainte feadóga uilleann, cuir i gcás), ursain, gin. ursaine (in áit ursa, tabh. ursain, gin. ursan).

In uimhir iolra an chéad díochlaonadh, ba rogha le lucht pleanála an Chaighdeáin an ceann de na foirmeacha iolra a roghnú a chríochnaíonn ar chonsan caol (lagiolraí), is é sin, ba rogha leo boinn in áit bonnaí, bonnaíochabonnúchaí a bhí le cloisteáil sna canúintí (mar iolraí don ainmfhocal bonn), capaill in áit caiple atá forleathan go maith sna canúintí (capall), cuntais in áit cuntaisí (cuntas), páipéir in áit páipéirí, tairbh in áit taraí (tarbh; ach féach nach raibh de rogha acu ach glacadh le leanaí mar iolra don fhocal leanbh). Nuair nach raibh aon bhealach éalaithe eile ar fáil, áfach, glacadh leis an tréaniolra: ceolta (ón ainmfhocal ceol), bealaí (ón ainmfhocal bealach), cuirí (cuireadh), cásanna (cás), bóithre (bóthar), cineálacha (cineál), ollúna (ollamh). Cé go mbíonn sé de nós sna canúintí dhá iarmhír iolra, nó níos mó fós, a chur leis na hainmfhocail leis an iolra a dhéanamh chomh soiléir neamhdhébhríoch agus is féidir (bealtaí, cásannaí, cuiríochaí, paróistíochaí, léintíochaí agus a leithéid), níor tugadh aitheantas ar bith sa Chaighdeán don nós seo.

[athraigh] An Briathar

[athraigh] An Aimsir Láithreach

Maidir leis na briathra, ní thugann an Caighdeán Oifigiúil aitheantas do na foirmeacha táite ach i gcuid de na cásanna. Is iad foirmeacha caighdeánacha na haimsire láithrí ná:

uimhir uatha:
dúnaim, osclaím, péinteálaim
dúnann tú, osclaíonn tú, péinteálann tú
dúnann sé/sí, osclaíonn sé/sí, péinteálann sé/sí
uimhir iolra:
dúnaimid, osclaímid, péinteálaimid
dúnann sibh, osclaíonn sibh, péinteálann sibh
dúnann siad, osclaíonn siad, péinteálann siad
saorbhriathar:
dúntar, osclaítear, péinteáiltear

Cé go bhfuil an leagan dúnann muid, osclaíonn muid, péinteálann muid coitianta go leor sa teanga scríofa inniu, ní thugann an Caighdeán aitheantas dó go hoifigiúil. Is dócha nach bhfuil le déanamh i suíomh an lae inniu ach glacadh leis mar chuid den chaighdeán de facto. Ba leasc le ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin (mar a thug Pádraig Ua Maoileoin orthu sa réamhrá a chuir sé le An tOileánach) muid a admháil sa teanga liteartha, ós rud é gur foirceann nó iarmhír gramadaí atá ann go bunúsach ar tosaíodh úsáid a bhaint as mar fhorainm. Mar sin féin, is deacair cosc a chur le muid sa teanga scríofa, toisc gur éirigh sé coitianta faoi thionchar na gcanúintí beo sa Ghaeltacht. Thairis sin, tá sé i bhfad níos fusa dúnann muid agus dúnfaidh muid a aithint thar a chéile sa chaint ná dúnaimid agus dúnfaimid. (Níl leaganacha cosúil le dúnann sinn agus dúnfaidh sinn chomh coitianta céanna sna canúintí, nó de réir mar atá muid ag dul i bhfairsinge agus na foirmeacha táite ag éirí níos teirce, tá sinn ag dul in éag. Ní chloistear sinn ar aon nós in áiteanna i gConamara, agus ina lán canúintí ina bhfuil an dá fhorainm beo, tá an chuma ag teacht ar an scéal gur mar chuspóir amháin a úsáidtear sinn, cosúil le é, í agus iad.)

Na leaganacha cosúil le dúnaid, osclaíd, péinteálaid (nó fiú dúnaid siad, osclaíd siad, péinteálaid siad, a bhfuil idir fhoirceann agus fhorainm iontu) in áit dúnann siad, osclaíonn siad, péinteálann siad, cloistear go minic i gcanúintí Muimhneacha iad, ach ní thugann an Caighdeán aon aitheantas dóibh.

Na foirmeacha dúnair, osclaír, péinteálair, in áit dúnann tú, osclaíonn tú, péinteálann tú, níl siad coitianta sa chaint bheo i nGaeilge na Mumhan féin inniu, agus ní thugann an Caighdeán aitheantas dóibh.

Na foirmeacha cosúil le dúntaoi in áit dúnann sibh, chuaigh siad in éag sa chaint bheo le fada an lá, agus ní fheictear i litríocht an lae inniu iad. Ní thugann an Caighdeán aon aitheantas dóibh.

Ina lán briathra neamhrialta, déantar idirdhealú idir foirmeacha spleácha agus foirmeacha neamhspleácha an bhriathair - is iad na foirmeacha spleácha na foirmeacha nach n-úsáidtear ach ar lorg na míreanna , nach, go. an agus a leithéid. Uaireanta, feictear an t-idirdhealú seo an chorruair ag na briathra rialta féin sa litríocht: dúnaidh sé, osclaídh sé, péinteálaidh sé (an fhoirm neamhspleách) in áit dúnann sé, osclaíonn sé, péinteálann sé, mura bhfuil mír ar bith ag teacht roimhe (ach má tá, níl ach na foirmeacha ar -ann ceadaithe). Ní thugann an Caighdeán aitheantas ar bith do dúnaidh sé ná a leithéid, agus is léir go bhfuil na foirmeacha seo dulta in éag sa ghnáthchaint.

Bhí "na ligeadóirí agus na casadóirí" doicheallach go leor roimh fhoirmeacha neamhspleácha na mbriathar neamhrialta chomh maith, sa chuid is mó de na cásanna. Mar shampla, ní cheadaítear ach feiceann sa Chaighdeán, cé go ndéanann Gaeilge Uladh idirdhealú idir tchíchí (leagan stairiúil: do-chí), arb é an fhoirm neamhspleách é, agus feiceann, arb é an fhoirm spleách é (ní fheiceann, go bhfeiceann, nach bhfeiceann, an bhfeiceann). Ón taobh eile de, rinneadh ginearálú ar an bhfoirm neamhspleách chí i nGaeilge na Mumhan, ionas go n-úsáidtear go gcíonn, ní chíonn, ná cíonn ( a úsáidtear in áit nach sa Mhumhain), an gcíonn ansin. Ní thugtar aitheantas oifigiúil don fhorbairt seo ach an oiread. Is don úsáid Chonnachtach is cóngaraí atá an Caighdeán sa phointe seo.

Cosúil leis sin, is é faigheann an t-aon fhoirm chaighdeánach amháin, spleách nó neamhspleách. Aithníonn Gaeilge Uladh an t-idirdhealú idir fhoirm neamhspleách (gheibh) agus foirm spleách (an bhfaigheann, ní fhaigheann, nach bhfaigheann), ach cé go bhfuil an t-idirdhealú ceart ó thaobh stair na teanga de, ní ghlactar leis sa Chaighdeán. Ón taobh eile de, chuir muintir na Mumhan an t-ann leis an bhfoirm neamhspleách agus ghinearálaigh siad í: an ngeibheann, ná geibheann, go ngeibheann, ní gheibheann. Ní thugtar aitheantas don fhorbairt seo sa Chaighdeán, ar ndóigh.

[athraigh] Foinsí

  • Ó Háinle, Cathal: Ó Chaint na nDaoine go dtí an Caighdeán Oifigiúil. Lgh. 745-794 i: Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta. In eagar ag: Kim McCone et al., Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Pádraig, Maigh Nuad, 1994
  • Ó Riain, Seán: Pleanáil Teanga in Éirinn 1919-1985. Carbad, Baile Átha Cliath 1994.
I dteangacha eile
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com