Web Analytics

https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Annraoi Ó Liatháin - Vicipéid

Annraoi Ó Liatháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Éireannach ab ea Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981). Bhí stíl chorraitheach éasca scríbhneoireachta aige a mheall go leor daoine óga i leith na léitheoireachta Gaeilge, go háirithe sa leabhar Laochra na Machairí, stair na Meiriceánach Dúchasach a throid in aghaidh ionradh na Stát Aontaithe ar a dtailte sa 19ú céad. Ní raibh sé ina chainteoir dúchais sa chiall is déine, ach is minic a chuaigh sé ar cuairt go Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge nuair a bhí sé ina pháiste. Tá blas na canúna sin ar go leor dár scríobh sé. Chaith sé seal ina óige ina bhall de Chraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge, craobh a d'iompaigh ina heagraíocht neamhspleách pholaitiúil faoin ainm Glúin na Buaidhe (leagan Ghaeilge Uladh de "Ghlúin an Bhua" an Chaighdeáin). Ba bhall gníomhach é de Shinn Féin agus chaith sé seal ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

Fuair Annraoi Ó Liatháin bás i dtús na n-ochtóidí. B'é Cois tSiúire (1981) an leabhar deireanach a chríochnaigh sé. Leabhar taistil ar cheantar na nDéise agus ar dheisceart Chontae Thiobraid Árann atá ann.

[athraigh] Saothair

I measc a chuid saothair tá:

  • Claíomh an Díoltais
  • Cois Móire
  • Laochra na Machairí
  • An Tíogar Daonna
  • Nead na gCreabhar
  • Luaithreach an Bhua
  • Dún na Cinniúna
  • Cois tSiúire
  • Buíon Éireannach in Albain

De na leabhair thuas, is iad Luaithreach an Bhua agus Nead na gCreabhar an dá cheann is fusa atá ar fáil inniu, is dócha. Is é is ábhar leis an úrscéal Luaithreach an Bhua ná troid éadóchasach na bPoblachtach ar na Státairí in Éirinn le linn an Chogaidh Chathartha, nuair a bhí Mícheál Ó Coileáin tar éis an Conradh Angla-Éireannach a shíniú. Maidir le Nead na gCreabhar, scéinséir crua cranraithe is ea é a chuirfeadh Alistair MacLean i gcuimhne duit. Is í an phríomhdhifríocht idir an Nead agus na gnáthscéinséirí ná gur Sasanaigh atá sna bithiúnaigh, cineál spiairí agus iad imithe le fiántas in Éirinn. Tá sean-chliché an Éireannaigh fhiain iompaithe bun os cionn ag an scríbhneoir, mar sin. Déanta na fírinne, baineann Annraoi a chasadh leath-ghreannmhar féin as gach cliché de chuid genre liteartha na scéinséirí sa leabhar seo. Tá laoch an scéil cosúil le cuid mhór laochra i scannáin ar nós The Dirty Dozen: fear is ea é a chuir an iliomad craiceann de ag iarraidh a áit féin a bhaint amach sa saol, ach níor theip an tuathal air riamh sna hiarrachtaí seo. Cineál laoch ócáidiúil atá ann, mar sin, nó fiú frithlaoch. Ach ós rud é gur frithlaoch fíor-Ghaelach é, tá an tsagartóireacht ar ceann de na gairmeacha nár éirigh leis! Siúd is go bhfuil greann ciúin den chineál seo ag dul leis an leabhar, is furasta léamh an ghnáthscéinséara a bhaint as chomh maith, nó coinníonn Annraoi sceitimíní ar an léitheoir ó thús go deireadh an scéil.

Suitear dha úrscéal leis le linn chogaí na nGael sa tréimhse 1641-1652. Baineann Buíon Éireannach in Albain le hionradh Éireannach ar Albain faoi cheannas Alastair mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill i [[1645] agus ar an gcogadh a d'fhear Alastair mac Colla Chiotaigh agus Montose ar son an rí in aghaidh lucht na Cunúinte, agus baineann Dún na Cinniúna leis an gcosaint a rinne Féilim Ó Néill ar Dhún Chnoc Séarlais i 1651 in aghaidh arm Pharlaimint Shasana faoin nginearál Coote.

Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com