Cáca Milis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is gearrscannán Éireannach é Cáca Milis le Brendan Gleeson agus Charlotte Bradley sna príomhpháirteanna.
[athraigh] Scéal
Tá bean ghnó ina suí ar thraein agus suíonn fear dall le plúchadh isteach trasna uaithi. Cuireann an fear dall déisteann uirthi go háirithe nuair a dhéanann sé iarracht píosa cáca milis a ithe. Insíonn sí dó go bhfuil péist sa cháca agus tagann giorra anála air. Nuair nach féidir leis a ion-análaitheoir a aimsiú, faigheann sé bás. Fágann an bhean an traein le meangadh gáire uirthi.