Crios astaróideach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Réigiún sa ghrianchóras is ea é an crios astaróideach agus é suite idir an dá phláinéad úd Mars agus Iúpatar. Is píosaí cloiche, miotail agus oighir iad na hastaróidigh agus iad ag timpeallú na Gréine.
Tháinig an crios astaróideach as an réaltnéal a bhí ag timpeallú na Gréine i dtús ama. Murach go raibh Iúpatar chomh cóngarach agus atá, thiocfadh an conamar cloiche seo go léir le chéile le haon phláinéad amháin a chruthú. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, níor cheadaigh imtharraingt láidir Iúpatair dóibh socrú síos le chéile, ó chuir sí tuilleadh fuinnimh leis an dóigh a raibh na réada beaga seo ag imbhualadh faoi chéile.
An chuid is mó de mhais an phríomhchreasa astaróidigh, tá sé sna hastaróidigh mhóra. Tá an trí cinn is mó acu (2 Pallas, 3 Juno agus 4 Vesta) níos mó ná 400 ciliméadar ar meán-trastomhas. An t-aon réad amháin sa chrios astaróideach a aicmítear inniu mar abhacphláinéad, is é sin, Ceres, tá sí 950 ciliméadar ar trastomhas.
athraigh Grianchóras |
---|
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |