H. G. Wells
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scríbhneoir Sasanach ab ea é Herbert George Wells (21 Meán Fómhair 1866 - 13 Lúnasa 1946) a bhí ina cheannródaí don Fhicsean Eolaíochta. Is minic a chuirtear i gcomparáid le Jules Verne é. Ba mhinic a bhí sé ar an chéad scríbhneoir a bhain úsáid as móitíf áirithe ina chuid scríbhneoireachta sular éirigh sí coitianta san fhicsean eolaíochta, agus má fheictear dúinn inniu go bhfuil blas an chliché ar a lán dár scríobh sé, is éard is cúis leis ná nach raibh na clichéanna féin ina gclichéanna go fóill nuair a chéadcheap sé iad.
Cé gur mar scríbhneoir ficsin eolaíochta is mó a aithnítear inniu é, scríobh sé a lán eile, go háirithe leabhair pholaitiúla. Sóisialaí a bhí ann riamh, agus nuair a chuaigh sé anonn in aois, d'éirigh a chuid leabhar níos polaitiúla agus níos teagascúla - agus, mar sin, níos doléite. Is iad na luathshaothair fhicsin eolaíochta is mó a léitear inniu, cosúil le The Time Machine, The Invisible Man, The First Men on the Moon agus The War of the Worlds. Tá leagan Gaeilge den War of the Worlds ann, mar atá, Cogadh na Reann, agus cóip de ar fáil i Leabharlann na gCeithre Máistrí i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.