Hamburg
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Hamburg ar an dara cathair is mó sa Ghearmáin. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, idir Schleswig-Holstein agus Niedersachsen, ach ní bhaineann sí le ceachtar den dá stát sin, nó tá an chathair féin ina stát feidearálach de chuid na Gearmáine. Sin é an tuige go dtugtar "Cathair Shaor agus Hainseatach Hamburg" uirthi go hoifigiúil, nó Freie und Hansestadt Hamburg.
Tá an chathair roinnte ina seacht gceantar riaracháin (Bezirke), mar atá: Nord, nó an Tuaisceart; Eimsbüttel, Altona, Harburg, Bergedorf, agus Mitte, nó Lár na Cathrach.
Tá Hamburg ar an gcuan is mó sa Ghearmáin, rud a d'fhág a shliocht ar an áit riamh. Bhí pobal Síneach agus go leor pobail eachtrannacha eile i Hamburg i bhfad sular tosaíodh ag caint ar an "ilchultúrachas" ar aon nós. Ón taobh eile de, leis na mairnéalaigh, tháinig an meirdreachas, agus is dócha gurb é ceantar na gclubanna oíche is na ndrúthlann, St. Pauli, an logainm is aithnidiúla sa chathair, i measc mhuintir na dtíortha coimhthíocha. B'ansin a thosaigh na Beatles ag teacht i láthair mar cheoltóirí, nó bhí siad ag seinm sa Star-Club ar an tsráid úd Grosse Freiheit.
Is follasach gur lárionad tábhachtach cultúir í an chathair seo freisin. B'as Hamburg do go leor scríbhneoirí nó ealaíontóirí clúiteacha:
- Wolfgang Borchert, file an tsíochánachais agus iar-shaighdiúir an airm Ghearmánaigh a fuair bás le heitinn go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. B'é an dráma úd Draussen vor der Tür ("Amuigh ar an Tairseach") a thabhaigh a cháil iarbháis dó, agus é suite i Hamburg.