Inis Córthaidh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Inis Córthaidh | |
---|---|
Learscáil | |
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
52.502064° N 6.565876° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann S969399 |
|
Daonra ( ) | 9,538 |
Airde: | 60 m |
Contae: | Contae Loch Garman |
Cúige: | Laighin |
Baile i lár thuaisceart Chontae Loch Garman é Inis Córthaidh. Tá daonra timpeall 10,000 ann. Tá an baile suite ar an Sláine, agus tá dhá dhroichead thar an abhainn sa bhaile. Tugtar Paroiste Naomh Seanan ar an dtaobh thoir den bhaile.
[athraigh] Iompar
Tá seirbhís rialta báid ón mBreatain Bheag agus ón bhFrainc go Ros Láir i ndeisceart an chontae, timpeall 25 ciliméadar an mbaile. Tá líne traenach as Baile Átha Cliath a leanann go Ros Láir.
[athraigh] Gnó
Tá tábhacht ag cur agus baint sútha talún i gContae Loch Garman, go háirithe timpeall Inis Córthaidh, maille le biatas siúicre, cruithneacht, eorna, agus tógáil eallach agus ba bhainne. In Inis Córthaidh a thosaigh Grúdlann Letts, agus tugadh athshaol don bheor sin i riocht Killians sna 1990í. Bhíodh monarcha sceanra uair lámh leis an mbaile, agus tá gnó beag déanta potaí le plandáil fós ann. Tá monarcha doirse adhmaid Premium International, a thosaigh sna 1970í, fós ar an mbaile.
[athraigh] Stair
Tá caisleán i lár an bhaile, ar aththógáil de chaisleán Normanach é don chuid is mó, agus is músaem inniu. Deirtear gur chum Edmund Spenser cuid den Faery Queene an fhaid a bhí cónaí air sa bhaile. Bhí Inis Córthaidh páirteach in Éirí Amach 1798, agus troideadh Cath Chnoc Fíodh na gCaor lámh leis an mbaile.