Manhattan
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Manhattan a thugtar go hiondúil ar bhuirg Nua-Eabhrac, ceann de na cúig buirg atá i gcathair Nua-Eabhraic, agus ar an oileán ar a bhfuil sé suite. Is cuid den chathair é, maille le Queens, Brooklyn, Staten Island agus an Bronx. Tá daonra timpeall 1.4 milliún ar Manhattan féin, ach ar ndóigh bíonn ar a laghad cupla chéad míle eile ann i rith laethanta gnótha, mar aon leis na mílte turasóirí.
Is ann atá ceantar gnó chathair Nua-Eabhraic. Is ann freisin atá na ceantair cliútiúla caithimh aimsire. Bíonn raidhse mór drámaí agus ceoldrámaí i gcónaí i gceantar drámadóireachta Broadway. Tá an Opera Meitreapólach, Ballet Chathair Nua-Eabhraic, agus Ceolfhoireann Fiolármóineach Nua-Eabhraic suirte i Látharlann Lincoln. Bíonn raidhse mór de cheol claisiceach agus de gach sórt eile ag Carnegie Hall, agus bíonn drámaí nua i gcónaí ar off Broadway agus off-off-Broadway.