Naomh Agaistín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Naomh tábhachtach san Eaglais Chaitliceach ab ea Agaistín Hippo nó San Agaistín (13 Samhain, 354 – 28 Lúnasa, 430).
Rugadh Aurelius Augustinus i dTagaste san Afraic Thuaidh i 354. Ba saoránach Rómhánach páganach a athair, Patricius agus ba Bearbéir agus Críostaí a mháthair, Naomh Monica. Tógadh é mar Chríostaí, ach níor báistíodh é agus é ina leanbh.
D'fhreastail sé ar an ollscoil i Carthago agus thóg sé do shaol na mac léinn ag an am. Bhí mac aige, Adeodatus, le bhean a bhí sé ina chónaí léi. Ghlac sé Mhainicéasaíocht ar feadh seal. Bhí sé ag múineadh reitric san ollscoil i Carthago, sa Róimh agus i Milano ina dhiaidh sin. Nuair a fhil sé ar Milano, ba ghnách leis dul ag éisteacht le easpag Milano, Naomh Ambrós, toisc go raibh suim aige i gcumas labhairt aige. Thionntaigh sé ina Chíostaí agus báistíodh é sa bhliain 387.
Fuair a mháthair agus a mhac le chéile bás tamaill gearr ina dhiaidh. Scair sé ón bpairtnéir a bhí aige i bhfad roimhe sin agus chuir sé tosach le comhphobal beag fireann san Afraic Thuaidh. Sríobh sé riail atá fós á úsáid ag Oird Rialta san Eaglais Chaitliceach. Chuir sé tús le saol fada scríobhnóireachta. 'S iad na leabhair is tábhachtaí dá chuid ná Confessiones agus De civitate Dei.
D'oirníodh é ina shagart agus toghadh é mar easpag Hippo Regius go gearr ina dhiaidh. Bhain sé cáil amach mar chosantóir na Críostaíochta Ceartchreidmhigh i gcoinne ionsaithe na Meanaicigh agus eiricigh co súil leis na Donataigh agus lucht Pelagius. Fuair sé bás ar 28 Lúnasa 430 nuair a bhí na Vandail ag déanamh ionsaigh ar Hippo. 's é an féile atá aige ná 28 Lúnasa.