Navachóis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Navachóis (Diné bizaad) | |
---|---|
Á labhairt: | i SAM |
Réigiún: | Arizona, Nua-Mheicsiceo, Utah, Colorado |
Cainteoirí san Iomlán: | 149,000 |
Rang: | (Ní sa chéad 100) |
Líne ghinealaigh: | Na-Dené Atapascach |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | - |
Rialaithe ag: | - |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | ga |
ISO 639-2 | gle |
ISO/DIS 639-3 | gle |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is teanga Atapascach í an Navachóis (Diné bizaad a thugann lucht a labhartha ar a dteanga féin) a labhraíonn na Navachóigh (Diné) in iar-dheisceart na Stát Aontaithe. Go geografach agus go teangeolaíoch, is ceann de na teangacha Atapascacha Deisceartacha - nó na teangacha Apaiseacha - í (tá formhór na dteangacha Atapascacha á labhairt in iar-thuaisceart Cheanada agus in Alasca).
Tá an Navachóis an-chosúil leis na teangacha nó na canúintí a labhraíonn na hApaisigh. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil ann ach ceann acu. Is iad an chanúint Iartharach (nó Apaisis Coyotero), an chanúint Chiricahua (a bhí ó dhúchas ag Geronimo) agus an chanúint Mescalero na cineálacha Apaisise is cóngaraí don Navachóis. Is iad seo canúintí Iartharacha na hApaisise - nó teangacha Iartharacha an fhoghrúpa Apaisigh san fhine Atapascach, más fearr leat.
Tá na Navachóigh an-chosúil leis na hApaisigh ó thaobh an chultúir de, leis. Déanta na fírinne, is é traidisiún an Bhéarla an t-aon chúis amháin le hiad a scaradh ó na hApaisigh féin.
Tá níos mó cainteoirí ag an Navachóis ná ag aon teanga dhúchasach Mheiriceánach eile taobh thuaidh de theoraiinn na Stát Aontaithe agus Mheicsiceo, agus í ag breis is céad míle duine mar theanga dhúchais. Tá líon na gcainteoirí, fiú, ag dul in airde.