Raidió Fáilte
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is craoltóir raidió i mBéal Feirste é Raidió Fáilte. Bunaíodh an stáisiún sna hochtóidí, ach ag an am sin, ní raibh cead bainte amach ag an stáisiún craoladh do dleathach. Leanadh ar aghaidh é ar aon chuma. Le cúpla blian anuas, tá sé á chraoladh ón Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál in iarthar na cathrach. I 2006 thug OFCOM cead buan oifigiúil don stáisiún le craoladh, don chéad uair riamh. Roimh an am seo, chaith Raidió Fáilte le cead sealadach a úsáid uair amháin nó dhó i rith na bliana.
Craolann an stáisiún roinnt mhór de chláracha éagsúla, don óg agaus aosta, maidir le nuacht, cúrsaí pobail, ceol de gach chineál, agus neart eile. Bíonn sé ar fáil i mBéal Feirste ar 107.2 FM, agus tá sé le fáil ar fad an domhain, trí mhéan an idirlín, ó mhí na Bealtaine 2007.