S. Albert Kivinen
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fealsamh agus scríbhneoir Fionlannach is ea é Seppo Albert Kivinen. Rugadh in Ikaalinen sa bhliain 1933 é. Bhain sé amach dochtúireacht na fealsúnachta teoiriciúla in Ollscoil Heilsincí, áit a raibh sé ina léachtóir ina dhiaidh sin. Rinne sé taighde ar cheisteanna na honteolaíochta, go háirithe ar fhadhb na n-uilithe. Tá cáil air freisin mar shaineolaí ar stair an diamhrachais agus na hasarlaíochta, agus é ina bhall ghníomhach de ghluaiseacht an sceipteachais san Fhionlainn.
Bíonn sé ag scríobh gearrscéalta i stíl H. P. Lovecraft, agus thiar sna hochtóidí, b'eisean, thar aon duine, a chuir saothar Lovecraft in aithne do na léitheoirí Fionlannacha. Tá imeachtaí a chuid scéalta suite san Fhionlainn, agus greann deas ciúin ag baint leo nach bhfeicfeá a leithéid i scéalta Lovecraft féin. Sa bhliain 1988, bronnadh Duais Atorox air as an ngearrscéal úd Keskiyön Mato Ikaalisissa ("Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen"), inar shuigh Kivinen arrachtach de chuid Lovecraft i dtimpeallacht a chéad óige féin.
[athraigh] Nasc seachtrach
Péist an Mheán-Oíche in Ikaalinen - Leagan Gaeilge den ghearrscéal is fearr a tháinig ó pheann Kivinen.