Teangacha Algóinciacha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is fo-fhine teangacha iad na teangacha Algóinciacha a bhfuil an chuid is mó de theangacha an fhine Ailgeach mar chuid de (an dá teangacha Ailgeach nach bhfuil mar chuid de ná Wiyot agus Yurok ó iar-thuaisceart Chalifornia). Tá muintir na dteangacha Ailgóinciacha scapaithe ó chósta thoir Mheirceá Thuaidh go dtí na Sléibhte Creagacha.
Ba chóir idirdhealú a dhéanamh idir an fine Algóinciach agus Algóincis, teanga amháin san fhine.
[athraigh] Gnéithe Gramadaigh
Tá clú ar theangacha Algóinciacha mar gheall ar an moirfeolaíocht pholaisintéiseach choimpléascach atá acu, chomh maith leis an gcóras briathra atá acu. Is féidir abairtí a thógann roinnt focail i dteangacha eile a shloinneadh i "bhfocal" amháin: (Menominee) enae:ni:hae:w "Tá sé cloiste ag na cumhachta airde" nó (Cree) kāstāhikoyahk "Cuireann sé eagla orainn". De ghnáth, bíonn dhá tríú phearsa suntasach ag na teangacha seo.