Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Tuaisceart Éireann - Vicipéid

Tuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Learscáil Thuaisceart Éireann
Learscáil Thuaisceart Éireann
Bratach Thuaisceart Éireann. Níl bratach seo an Tuaiscirt oifigiúil a thuilleadh, cé go bhfeictear ag cluichí sacair agus ag ócáidí lúthchleasaíochta eile í i gcónaí. Is féidir siombaileachas na hÉireann agus Shasana araon a aithint ar an mbratach, nó seasann an Lámh Dhearg do Chúige Uladh, ach fuarthas Cros Naomh Seoirse ó bhratach Shasana. Tá coróin na Ríochta Aontaithe ann freisin.
Bratach Thuaisceart Éireann. Níl bratach seo an Tuaiscirt oifigiúil a thuilleadh, cé go bhfeictear ag cluichí sacair agus ag ócáidí lúthchleasaíochta eile í i gcónaí. Is féidir siombaileachas na hÉireann agus Shasana araon a aithint ar an mbratach, nó seasann an Lámh Dhearg do Chúige Uladh, ach fuarthas Cros Naomh Seoirse ó bhratach Shasana. Tá coróin na Ríochta Aontaithe ann freisin.

Is cuid féinrialaithe den Ríocht Aontaithe í Tuaisceart Éireann, a bhfuil suite ar chuid d'oileán na hÉireann. Is ionann Tuaisceart Éireann (Norlin Airlin san Ultais agus Northern Ireland sa Bhéarla) agus limistéar na sé contae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón chuid eile d'Oileán na hÉireann nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922. Ba é an tAcht um Rialtas na hÉireann ón bhliain 1920 a shainigh críocha agus teorainneacha an stáitín. Baineann dhá trian de Chúige Uladh le Tuaisceart Éireann, ach tá sé de nós ag roinnt Aontachtóirí "Cúige Uladh" (Ulster) a thabhairt ar an stáitín. Stát féinrialaithe atá i dTuaisceart Éireann, nó go bunúsach, is slánaonad fá fhéinrialtas é atá fá fhorlámhas na Ríochta Aontaithe, murab ionann agus an chuid eile d'oileán na hÉireann. Mar sin, is féidir é a chur i gcomparáid le Sasana, leis an mBreatain Beag agus le hAlbain.

Bhí tionól nó dáil fhéinrialaitheach ann ag Stormont go dtí na Trioblóidí, ach ar an tríochadú lá de mhí na Márta sa bhliain 1972, chuir rialtas na Ríochta Aontaithe an féinrialtas áitiúil ar ceal agus thoisigh sé ag rialú an Tuaiscirt go díreach ó Londain agus iad ag iarraidh foréigean sa chúige a laghdú. De thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta, tháinig Tionól nua féinrialaitheach ar an fhód, ach nuair a chuaigh an díospóireacht fá dhíchoimisiúnú arm na IRA Sealadach ó smacht, cuireadh an tionól ar fhionraí ar an 4ú lá de mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2002. Cé gurb iad an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) agus Sinn Féin an dá pháirtí is láidre inniu, i ndiaidh an olltoghcháin ar an 30ú lá de mhí na Samhna sa bhliain 2003, d'éirigh leis an tionól cromadh ar obair arís, rud nach raibh mórán daoine ag súil leis, ós iad an dá pháirtí a sheasann do mheon na dígeantachta ná na neamhghéilliúlachta ón dá scoilt is mó sa phobal.

[athraigh] An Daonra

Tá corradh is 1.70 milliún duine ina gcónaí i dTuaisceart Éireann. Sa daonáireamh a rinneadh sa bhliain 2001, dúirt 45.5% den daonra gurb Phrotastúnaigh iad, agus thug 40.3% le fios gurb Chaitlicigh a bhí iontu. Dúirt 13.3% den daonra go raibh creidimh reiligiúnach eile acu.

[athraigh] An Pholaitíocht agus na Trioblóidí

Tá polaitíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar an scoilt eitnireiligiúnda idir na Caitlicigh (an chuid is mó acu a dhearcann orthu féin mar shaoránaigh Éireannacha), agus na Protastúnaigh (an chuid is mó a dhearcann orthu féin mar shaoránaigh Briotanacha). Tá sé de chlaonadh sna Caitlicigh a rá nó a shíleadh gur coilínitheoirí agus grabálaithe talún iad na Protastúnaigh nach dtáinig isteach ach de thoradh na plandála. Is náisiúnaithe (baintear úsáid as an leagan "náisiúntóirí" fosta sa Ghaeilge, nuair a bhítear ag trácht ar náisiúnaithe Caitliceacha an Thuaiceart Éireann) iad an chuid is mó de na Caitlicigh, agus teastaíonn ó scaifte mhór acu an dá stát ar Oileán na hÉireann a aontú in aon stát neamhspleách amháin. Ar thaobh eile an scéil, is dual don chuid is mó de na Protastúnaigh comhionannú a dhéanamh leis an Bhreatain Mhór agus maíomh as an dílseacht don Choróin agus don Rí nó don Bhanríon atá le feiceáil fo forleathan ar fud Thuaisceart Éireann. Dearcann cuid acu ar an nasc idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann mar urrús riachtanach dá gcearta reiligiúnda agus sibhialta, agus bíonn siad iontach mímhuiníneach as an tsealbh atá ag Poblacht na hÉireann sa lá atá inniu ann ar Thuaisceart Éireann, nó tá siad den tuairim go bhfuil an iomarca cumhachta ag an Eaglais Chaitliceach sa Phoblacht, rud a d'fhágfadh nach mbeadh stádas an tsaoránaigh chothroim ar fáil dóibh dá n-aontófaí oileán na hÉireann.

Is follasach go bhfuil an dá sheasamh seo doréitithe le chéile, agus mar sin, d'fhág an foréigean seicteach a shliocht ar Thuaisceart Éireann ó tháinig an stáitín ar an bhfód. Bhí polaiteoirí Aontachtacha den tuairim, ar dtús, gur fealltóirí agus lucht tréasa iad cuid mhór den daonra Caitliceach, ó gur theastaigh uathu an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh agus dul le Poblacht na hÉireann. Mar sin, choinnigh siad an rialtas fúthu féin, rinn siad iarracht an nasc idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór a fheabhsú, go cultúrtha agus ó thaobh an gheilleagair de. Mar sin féin ó am go chéile chuaigh cuid de na polaiteoirí Aontachtacha i muinín cleasa mí-ionraice go minic, ar nós claonroinnt na dtoghlach, lena chinntiú nach bhféadfadh na Náisiúnaithe teacht in aon chóngar don tromlach sna toghcháin dhaonlathacha. Chuir an chuid ba ghangaidí de na Caitlicigh cor in aghaidh an chaim trí thacaíocht a thabhairt d'fheachtas armtha an IRA leis an stáitín a scaradh ón chuid eile den Ríocht Aontaithe.

Sna 1960idí, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh leasuithe suntasacha polaitiúla ar na bacáin, nuair a bhain Terence O'Neill, polaiteoir Aontachtach a raibh dearcadh forásach nua-aimseartha aige, amach oifig Phríomh-Aire an Tuaiscirt. Bhíodh sé ag caint faoin rathúnas ábhartha mar leigheas ar an scoilt sheicteach, agus é sásta dul i dteagmháil le Seán Lemass, taoiseach Phoblacht na hÉireann san am céanna, a raibh dearcadh cosúil aige. Sa deireadh thiar thall, áfach, ní dhearna iarrachtaí Uí Néill ach an lasair a chur sa bharrach. Go bunúsach, bhí cuid mhór de na hAontachtóirí barúlach go raibh an Niallach ag iarraidh iad a dhíol ar shladmhargadh leis an lucht tréasa a bhí ag rialú i mBaile Átha Cliath, agus na Náisiúnaithe míshásta leis nach raibh na leasuithe cuimsitheacha polaitiúla ag teacht sách luath. Mar sin, phléasc an foréigean seicteach amach arís ó thús na seachtóidí i leith. Ba chuid de ghnáthshaol an stáitín iad na gníomhartha sceimhlitheoireachta go dtí gur cuireadh an chéad sos cogaidh fada i bhfeidhm sna nóchaidí, agus inniu féin, spreagann an faltanas seicteach daoine chun loitiméireachta, coirlosctha, dúnmharaithe, agus bruíonachais. Tá formhór na n-iar-sceimhlitheoirí, an tIRA Sealadach thar aon dream eile, éirithe as a leithéid, agus iad ag iarraidh leas a bpobail a dhéanamh ar bhealach éigin eile, ar nós obair fhóirithinte nó polaiteoireacht dhaonlathach.

[athraigh] Geograife

Béal Feirste, Doire, Lios na gCearrbhach, Beannchar, Iúr Cinn Trá, Creag Abhann, Inis Ceithleann agus An Baile Meánach ar na cathracha is mó i dTuaisceart Éireann.

Is í Loch nEathach í an loch is mó i dTuaisceart Éireann, agus sna hOileáin Briotanacha.

Is iad na cnoic is airde i dTuaisceart Éireann ná na Beanna Boirche i gContae an Dúin. Seasann Sliabh Dónairt níos airde ná 850 méadar.

Loch Cuan faoi chúig chiliméadar déag, a bheag nó a mhór, de Bhéal Feirste, agus é ag sroicheadh ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go Muir Éireann. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Síltear go bhfuil an loch seo ar ceann de na háiteanna is áille ar oileán na hÉireann. Is féidir Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr na locha, a fheiceáil. Tá imeall na locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo. Eagraíonn maoir de chuid an Iontaobhais cuid mhór siúlóidí agus turais thart fá'n Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas fá shaol nádúrtha an locha á thaispeáint do chuairteoirí le linn na dturas.

Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com