Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Vítneam - Vicipéid

Vítneam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cộng hòa Xã hội Chủ nghĩa Việt Nam
Bratach Vítneam Armas Vítneam
Bratach Armas
Mana: Độc lập - Tự do - Hạnh phúc
(Vítneaimis: Neamhspleáchas - Saoirse - Sonas)
Amhrán náisiúnta: Tien quan ca
Suíomh Vítneam
Príomhchathair Hanoi
22°2′ Thuaidh 105°51′ Thoir
An chathair is mó Cathair Ho Chi Minh
Teangacha oifigiúla Vítneaimis
Rialtas
Uachtarán
Príomh-aire
Cumannachas
Nguyễn Minh Triết
Nguyễn Tấn Dũng
Neamhspleáchas
Fógraithe
Glactha leis
ó Fhrainc
2 Meán Fómhair, 1945
1954
Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
331,689 km² (65ú)
1.3%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 1999
 • Dlús
 
85,238,000 (13ú)
76,323,173
253/km² (56ú)
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$251.8 billiún (36ú)
$3,025 (123ú)
Airgeadra Dong (VND)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+7)
(UTC+7)
Fearann Idirlín .vn
Glaochód +84

Tír in oirdheisceart na hÁise is ea í Poblacht Shóisialach Vítneam, agus í ag críochantacht leis an tSín, le Laos, leis an gCambóid agus le Murascaill Tonkin. Is í an Vítneaimis an teanga náisiúnta. Is í Ha Noi, i dtuaisceart na tíre, an phriomhchathair, ach is í Cathair Ho Chi Minh sa deisceart an chathair is mó sa tír.

Glactar leis go traidisiúnta go bhfuil cónaí ar mhuintir Vítneam sa tír le breis is ceithre mhíle bliain anuas, agus meastar gurb as an tSín a tháinig siad ar dtús. Bhí an limistéar faoi cheannas na Síne ar feadh i bhfad, ach sa bhliain 939 bhain Vítneam neamhspleáchas amach. D'éirigh leo cosc a chur le hionradh na Mongólach, rud a threisigh leis an neamhspleáchas go mór nuair a bhí formhór na hÁise á chreachadh ag Geingeas Cán agus a shliocht. Leathnaigh a gcumhacht ó dheas agus chuir siad ríocht Champa agus an chuid ba mhó d'Impireacht na gCiméarach faoina smacht. Sa naoú haois déag tháinig na Francaigh agus chuir siad Vítneam agus a comharsana, an Chambóid agus Laos, faoina smacht. Ghabh na Seapánaigh seilbh ar an tír le linn an Dara Cogadh Domhanda.

[athraigh] Polaitíocht

Tá rialtas Cumannach i réim i Vítneam. Ach, cé go bhfuil an rialtas bunaithe ar an bhfealsúnacht Chumannach, tá fiontair ghnó go leor ar fud na tíre, go háirithe i limistéar Chathair Ho Chi Minh.

Ní cheadaíonn an páirtí Cumannach freasúra ar bith. Tá riarachán an-lárnaithe sa tír mar is dual d'fhealsúnacht na gcumannach. Tá pionós an bháis ann chomh maith, agus gearrtar é ar dhaoine a chiontaítear i gcoireanna tromchúiseacha, go háirithe i smugláil na ndrugaí.

Tá an tír roinnte ina naoi gcúige agus caoga, agus í beagnach ar aon mhéid leis an Ghearmáin.

[athraigh] Reiligiúin

Cé go bhfuil an chuid is mó de mhuintir Vítneam ina mBúdaithe, tá níos mó ná 10% de na daoine ina gCaitlicigh, freisin. Tá líon beag Moslamach sa tír chomh maith.

[athraigh] Cogadh

Bhí trí chogadh móra i Vítneam sa 20ú céad: An Chéad Cogadh Ind-Síneach inar throid muintir Vítneam i gcoinne na gcoilíneach as An Fhrainc a bhí i gceannas na tíre ar feadh timpeall céad bliain. Rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a chur faoina smacht arís tar éis do na Seapánaigh seilbh a ghlacadh ar an tír sa Dara Cogadh Domhanda. Mhair an cogadh ar feadh naoi mbliana go dtí go raibh an bua ag náisiúnaithe Vítneam ar na Francaigh faoi dheireadh i gCath Dien Bien Phu sa bhliain 1954. Cé go raibh tacaíocht an phobail le buaiteoirí an chogaidh, Ho Chi Minh agus an ginearál Nguyen Giap, níor theastaigh ó thíortha an iarthair go mbeadh rialtas Cumannach i gceannas ar thír chomh tábhachtach agus rinneadh críochdheighilt ar an tír. Faoi bhrú ón Rúis agus ón tSín ghlac Ho Chi Min leis an gcríochdheighilt mar gur chreid sé go mbeadh an bua ag a lucht leanúna i dtoghcháin an Deiscirt agus go bhféadfaí an tír a athaontú go mear. Ach chruthaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Poblacht Vítneam Theas agus chuir siad Ngo Dinh Diem i gceannas ansin. Chuir sé siúd i leith an tuaiscirt go raibh sé ar intinn acu an deisceart a chur faoi chois agus chuir sé tús le frithionsaí in éadan na gCumannach. De réir mar a mhéadaigh an cos ar bolg d'impigh Cumannaigh an Deiscirt ar rialtas an tuaiscirt airm a thabhairt dóibh chun dul i mbun treallchogaíochta. Ba sa dóigh sin a thosaigh An Dara Cogadh Ind-Síneach (idir Vítneam Thuaidh agus Vítneam Theas). Le ceadú ón Tuaisceart, bunaíodh an Fronta Saoirse Náisiúnta, is é sin, comhearaíocht na Náisiúnaithe is na gCumannach sa Deisceart le ruaigeadh a chur ar rialtas Diem, agus mhair cogadh géar fuilteach á fhearadh ar feadh cúig bliana déag eile. Ghlac na Meiriceánaigh, agus comhghuallaithe eile ar nós na hAstráile, páirt sa chogadh ar thaobh an Deiscirt, rinneadh buamáil throm ar chathracha, scriosadh bailte, sráidbhailte agus feirmeacha agus cuireadh na milliún i ngéibheann. Deirtear go raibh na céadta míle saighdiúirí as an tSín páirteach i gcosaint an Tuaiscirt ar ionsaithe eitleán na Meiriceánach. Áirítear gur maraíodh os cionn trí mhilliún duine sa chogadh, timpeall 50,000 díobh as Meiriceá. Ní raibh ag éirí le ceachtar taobh an lámh in uachtar a fháil, ach le hionsaí Tet sa bhliain 1968 léirigh fórsaí an tuaiscirt agus an Fronta Saoirse nach bhféadfaí iad a chloí, agus mhéadaigh ar léirsithe i gcoinne an chogaidh ar fud an domhain, agus go háirithe i Meiriceá. De réir a chéile tharraing fórsaí Mheiriceá amach as an tír leis an gcogadh a "Vítneamú", is é sin, é a fhágáil faoi na Vítneamaigh féin. Ar feadh dhá bhliain rinne rialtas an Deiscirt iarracht fórsaí na gCumannach a choinneáíl siar. Chríochnaigh an cogadh nuair a thit cathair Saigon i mí Aibreáin [[1975].

Cé gur Cumannaigh ab ea iad ceannairí Vítneam go hoifigiúil, agus iad i dtuilleamaí na tacaíochta ón Aontas Sóivéideach agus ón tSín leis an gcogadh a bhuachan, níorbh fhada gur thit siad amach leis na Sínigh. Tugtar An Tríú Cogadh Ind-Síneach ar an gcogadh (idir Vítneam agus An tSín, 19781979). Rinne na Sínigh ionradh thar theorainn Vítneam ach ní raibh seans dá laghad acu in éadan saighdiúirí dea-oilte a raibh taithí na mblianta acu ar an gcogaíocht.

Sa bhliain 1979, tar éis do shaighdiúirí na Cambóide ionsaithe a dhéanamh thar teorainn, rinne Vítneam ionradh ar an tír sin agus ruaig siad an deachtóir Pol Pot. Cé go raibh réimeas Pol Pot ar cheann de na rialtaisí ba uafásaí a bhí sa domhan riamh, rinne SAM cáineadh géar ar ionradh Vítneam agus cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm in aghaidh na tíre a d'fhág nach raibh sí ábalta forbairt eacnamaíoch a dhéanamh go ceann i bhfad.

Le tamall de bhlianta anuas, tá múnla forbartha na Síne á leanúint sa tír, margadh saor don rachmas agus é pósta le córas diansmachta Cumannach, agus tá borradh mear ar an eacnamaíocht anois, cé go raibh stailceanna sa tír le gairid in aghaidh na gcoinníollacha oibre sna monarchana nua a chuir comhlachtaí eachtrannacha ar bun.

I dteangacha eile
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com