An tSúdáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Mana: Araibis: Al-Nasr Lana ("Victory is Ours") |
|||||
Amhrán náisiúnta: Araibis: نحن جند للہ جند الوطن ("We Are the Army of God and of Our Land") | |||||
Príomhchathair | Cartúm 15°00′ Thuaidh 30°00′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Omdurman | ||||
Teangacha oifigiúla | Araibis | ||||
Rialtas
Uachtarán
|
Réim Tiarnasach Omar al-Bashir |
||||
Neamhspleáchas Dáta |
ón Éigipt agus ón RA 1 Eanáir 1956 |
||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
2,505,813 km² (10ú) 6 |
||||
Daonra • Meas. ó 2006 • Daonáireamh 1993 • Dlús |
36,992,490 (33ú) 24,940,683 14/km² (194ú) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 U S$ 68,629 milliún (62ú) US$ 2,046 (134ú) |
||||
Airgeadra | Dinar na Súdáine (SDD ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
+3 (UTC) +3 (UTC) |
||||
Fearann Idirlín | .sd | ||||
Glaochód | +249 |
||||
Is tír san Afraic í an tSúdáin, (Araibis :السودان) nó Poblacht na Súdáine (Araibis: جمهورية السودان), agus an tír is mó san ilchríoch. Príomhchathair na tíre í Cartúm.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Sa tsean-aimsir, úsáideadh an t-ainm Arabach 'bilad-al-sudan" (nó as Gaeilge, ceanntair na nGorm), don ceanntair go léir atá suite ar thaobh theas an tSahára.
Ag tosú an 19ú haois (ó 1820 amach) cuireadh cuid mhaith de cheantair na Súdáine (sa thuaisceart go h-áirithe) faoi chois rialtais darbh ainm an Tuircía (Turkiyya); ba é seo rialtais Tuirceach-Éigipteach, faoi údarás an Chedíbh (Khedive) i gCairó. Le linn an am seo, do thosaigh an rialtais ag gabháil sclábhaithe sa dheisceart le húsáid mar saighdiúirí, nó chun a dhíol. Faoi bhrú na 'cumhachtaí móra', déan Éigipt iarraidh an sclábhaíocht a stadadh sna 1840aí. I ndeireadh na dála thosaigh éirí amach i gcoinne an rialtais, le Muhammed Ahmed, a thóg ainm an Mahdí dó féin mar ceannaire ar forsaí na Súdáinaigh. Ar an 13ú lá de Máirt, sa bhliain 1884 chuir airm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí an saighdiúir Sasanach, Charles Gordan, i gceannas fórsaí an chathair. Faoi deireadh, ar an 26ú lá do Eanair, 1885, deirigh le airm an Mahdí an lámh in uachtair a bhaineadh amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóir, is baineadh a ceann dá choirp chun a thaispeáint don Mahdí go raibh sé marbh. Cé gur fuair an Mahdí bás tamaill beag ina dhiaidh sin, lean a rialtas (a glaotar an Mahdía) ar aghaidh go dtí 1898 - 1899 leis an Chalífa Abdullahi i gceannais. Do bhunaigh rialtas an Mahdía cathair Omdurman agus úsáidtear í mar príomhcathair an Mahdía. Ar an dara lá do Meán Fomhair, 1898 d'éirigh le airm Sasanach faoi Sirdár Horatio Kitchener i gCath Omdurman i gcoinne airm an Mahdía (a glaotar An Ansar de gnáth), agus in sna bliana ina dhaidh sin, cuireadh an tír go léir faoi chois rialtais Briotánach-Éigipteach.
San bhlian 1956 bain An tSúdáin a neamhspleáchas amach. Thosaigh troid idir muintir an deisceart agus an rialtais nua i gCartúm ó 1955 amach, agus lean sé ar aghaidh tar éis neamhspléachas a bhaineadh amach. Cuireadh deireadh leis an céad cogagh cathartha sa bhlian 1972 le comhaontú Addis Ababa, a ghlac méid féinrial don deisceart, ach thosaigh an dara cogadh cathartha arís sa bhlian 1983 de bharr briseadh síos an féinrial agus bagairt go úsáideach dlí Sharía san tír go léir. Cuireadh deireadh leis an dara cogadh catharatha 24ú lá do Bealtaine san bhlian 2004, nuair a aontaigh ceannaire an SPLA, John Garang agus Tánaiste an t-Súdáin faoi na faidhbeanna deireannach (Seii, 2004).
Cé gur baineadh síochán amach san deisceart, ní sin deireadh cogadh san tír, áfach. Lean troid ar aghaidh in oirthear na tíre, le grúpaí ó muintir na Bésha (Beja) i gcoinne an rialtais go h-áirithe, agus thosaigh cogadh nua i Darfúr san iarthair; áit a bhfuil cinedhíothú a siúl faoi láthair.
[athraigh] Tír Eolaíocht
Is í Cartúm príomhcathair An tSúdáin. Ritheann abhainn An Níl tríd an tír; is i Cartúm a thagainn an Níl Ghorm agus an Níl Bán le chéile chun a Níl a cruthú.
[athraigh] Cúltúr
Mar shampla do rud amháin ó gcúltúr na Súdáine, féach ar Naffir.
[athraigh] Tagairtaí
Seii, J.S. (2004), "The Intergovernmental Authority on Development and the Sudanese Peace Process" i Adar, K., Yoh, J., & Maloka, E., Sudan Peace Process, Challenges and Future Prospects, (Pretoria: African Institute of South Africa).