Naffir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Chuirtear an ainm naffir نفير ar sórt obair comhchoiteann a bhfuil ar fáil i tuaisceart, oirthear agus iarthar na Súdáine, go h-áirithe i Kassala, Kordofan, na sléibhte Nuba agus i Darfur. Cuir síos amháin ar naffir, ná gur grúpa é a cuirtear le chéile trí líonraí chlanna agus comharsaí i gcomhair rud áirithe a dhéanamh a scaipeann nuair atá an rud sin déanta (Manger, 1987). Deireann sainmhíniú eile, a bhfuil níos déanaí, go tuaireann naffir grúpa daoine le chéile ón chomharsanacht nó ceantair chéanna chun tionscnamh a dhéanamh, mar shampla, teach a chruthú, nó an fómhar a chur isteach ('Conceptual analysis of volunteer', 2004).
Is dócha go bhfuil gaol idir naffir agus an focal "nafr" نفر in san Araibis caighdeánach a chuireann in iúl grúpa tagaithe le chéile chun troid a chaitheamh. San Araibis caighdeánach ba é naffīr āmm (نفير عام) glaoch chun troide (Wehr, 1980). Úsáidtear an focal naffir san tslí seo sa tSúdáin freisin, níos déanaí sna Sléibhte Nuba go luath sna nóchadaí, nuair a chuirtear ainm an-Naffīr ash-Sha'abī (nó Mílísta Daonra) ar grúpaí airmithe a bhí ag cur scrios san cheantair (Kevlihan, 2005).
Is trumpa é naffir chomh maith in Araibís. Fadó do ghlac na Spáinnaigh leis an ainm seo i bhfoirm "an-naffir" agus dár ndóigh, athraítear é go "anafil" (Trompet.nl, 2005)
[athraigh] Leabhareolas
As Béarla
- Rob Kevlihan, 2005, "Developing Connectors in Humanitarian Emergencies: Is it possible in Sudan?" in Humanitarian Exchange, No. 30, June 2005, available at http://www.reliefweb.int/library/documents/2005/odihpn-gen-30jun.pdf
- Leif O. Manger, 1987, "Introduction" in Leif O. Manger (ed.) Communal Labour in the Sudan, University of Bergen, p7.
- Hans Wehr, 1980, A Dictionary of Modern Written Arabic, Arabic - English, J.Milton Cowan (ed.), 3rd Edition, Beirut: Librarie Du Liban.
[athraigh] Lúbaí
As Béarla
- International Conference Volunteers and MCART Design Association, 2004, “Conceptual analysis of "volunteer" around the world”
In Ollannais
- www.Trompet.nl [1] - B