Bagdad
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Príomhchathair na hIaráice is ea Bagdad (Araibis: بغداد , Baghdād). Tá an chathair suite ar bhruach na habhainn Tigris in oirthear na tíre. Is í an chathair is mó sa tír, agus an dara chathair is mó sa domhan Arabach, tar éis Caireo. Meastar go bhfuil 5,772,000 ina gcónaí ann.
[athraigh] Stair
Deirtear go minic go raibh Bagdad bunaithe ag al-Mansur, ón ríshliocht Abbasid ar 30 Iúil 762. Tá an chathair luaite, ámh, i bhfoinsí ón ré roimh an Ioslamachas, mar shampla an Talmúd. Is dócha go raibh an chathair nua-aimseartha bunaithe ar an shean-chathair seo. Ba phríomh-chathair Peirseach í Ctesiphon, atá suite fós in aice le Bagdad. Ach thit an chathair sa bhliain 627 ag na hArabaigh, agus bunaíodh Bagdad mar phríomh-chathair ina h-áit.
Meastar gurb í Bagdad an chathair is mó sa domhan idir na blianta 775 agus 935. Tá seans ann freisin gurb í an céad chathair le daonra níos mó na milliún duine.
Rinneadh a lán dochar i mBagdad le linn Cogadh na Murascaille idir 1990 agus 1991, agus an dara ionsaí sa bhliain 2003. Cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein, ach níl an chathair faoi smacht na húdaráise fós.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.