Baile an Teampaill
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is bruachbhaile Chorcaí é Baile an Teampaill atá suite in oirthear na cathrach cois Laoi idir Corcaigh agus an Charraig Dúbh. Uair dá raibh, bhí Baile an Teampaill ina shráidbhaile scartha ó Corcaigh ach inniú tá sé ceangailte leis an cathair.
Clár ábhair |
[athraigh] An Sráidbhaile
Ritheann Bóthar na Dúcharraige tríd an sráidbhaile ina bhfuil oifig an phoist, siopaí beaga, agus dhá tithe tábhairne – The Venue agus The Temple Inn (ar a dtugtar Longboats go h-áitiúil). Tá an Ionad Lavanagh suite i mBaile an Teampaill chomh maith a thugann seirbhís do dhaoine corpéislinneacha, idir óg is aosta. Tá an-chuid saoráidí ag an ionad, lena n-áirítear linn snámha.
[athraigh] Spórt
Tá Páirc Uí Rinn lonnaithe sa cheantar, chomh maith le Páirc Uí Chaoimh, iad araon úsáidte ag foirne Chorcaí san iomáint agus sa pheil. Tá Páirc Uí Rinn díreach in aice Temple Hill, an staid rugbai ina n-imríonn Cork Constitution.
[athraigh] Stair
Tá fothrach chaisleáin an Dúin Daingean suite i ngar do Pháirc Uí Chaoimh cois Laoi. Deirtear gur fhág William Penn, an té a bhunaigh Pennsylvania, é ar a shlí go Meiriceá i 1682. Deirtear chomh maith gur chaith Sir Walter Raleigh tréimhse beag ann roimh a thuras farraige deireannach don Indiacha Thiar i Lúnasa 1617.
Bhí an t-ollamh George Boole, a chruth ailgéabar Boole, ina chónaí ann i rith an 19ú aois agus é ag obair i gColáiste na h-Ollscoile, Corcaigh. Lá amháin, shiúl sé na ceithre mílte i báisteach trom idir a chónaí agus an coláiste chun léacht a thabhairt. Fuair sé niúmóine ina dhiadh agus d’éag sé i Nollaig 1864.
[athraigh] Spriocanna eile
In aice láimhe Páirc Uí Rinn feictear cairéal Bhaile an Teampaill atá tréigthe inniú ach a thug soláthar aolchloch do Chathair Chorcaí leis na cianta. Tá páirceanna Chumann Talamhaíochta na Mumhain suite in aice le Páirc Uí Chaoimh – baintear úsáid astu do taisealbhaidh talamhaíochta.