Páirc Uí Rinn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is staid spóirt é Páirc Uí Rinn atá suite i mBaile an Teampaill, bruachbhaile in oirthear Chathair Chorcaí (Corcaigh).
[athraigh] Stair
Ba é Flower Lodge an t-ainm bunaidh a bhí ar Pháirc Uí Rinn a bhí ina pháirc sacair ar imir roinnt maith foirne Chorcaí ón tosach den 20ú chéad. Go h-áirithe, bhí aghaidh na ndaoine ar Cork Hibernians', a d’éirigh go geal leis sna seascaidí agus na seachtóidí. Bhíodh an 'Lodge' go tráthrialta plódaithe, go speisialta nuair a d’imir Hibs i gcoinne Cork Celtic, foireann eile as an cathair; briseadh ina gnó iad araon i 1977 agus 1979 faoi seach. Tháinig ionadúchán i 1984 nuair a thosaigh Cork City F.C. ag imirt ag Flower Lodge arís ach bhí orthu aistriú go Turner’s Cross i 1986 nuair a dhíol an Ancient Order of Hibernians, an t-úinéir, Flower Lodge do Cumann Luthchleas Gael.
[athraigh] Athchóiriú
Thug an CLG an t-ainm nua Páirc Uí Rinn ar an staid i gcuimhne ar Christóir Uí Rinn, an iománaí cáiliúil a d’imir le Corcaigh agus Glen Rovers, agus an iománaí is fearr dá raibh riamh ann. Is é Páirc Uí Rinn an dara staid is mó i gCathair Chorcaí, tar éis Páirc Uí Chaoimh, agus toilleadh 18,000 air. Nuair a cheannaigh an CLG an staid, bhí air na h-ardáin taobh thiar gach cuaille báire a leagan chun fad a chur leis an páirc féin mar is riachtanach do chluichí gaelach. Tá plean ann an toilleamh a mhéadú trí fadú an príomhardán agus ardáin seasaimh a chur isteach taobh thiar na cuaille báire. Ba é Páirc Uí Rinn an chéad staid CLG in Éirinn a bhfuair tuilsoilse.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.