Bang Bang
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá mórán carachtar éagsúil ar shráideanna na cathrach in Éirinn. Tá fear i gCorcaigh a rothaíonn timpeall na mbóithre ag séideadh adharc agus bean eile a rinceann i lár Shráid Uí Chonaill na hArdchathrach in onóir Dé. Ach duine de na carachtair ab iomráití a bhí i mBaile Átha Cliath ná Bang Bang.
Ba sheanfhear éalárnach é Bang Bang (creidtear gurbh é Thomas Dudley a ainm) ar thaitin scannáin buachaillí bó go mór leis. Chuir daoine aithne air sna 1950í agus 1960í agus iad ag taisteal ar bhusanna agus ar thramanna Bhaile Átha Cliath, áit ar lig sé air daoine a lámhachainn, a lámha agus méaracha aige mar ‘ghunna’. Ghlaodh sé ‘Bang bang, you’re dead’ amach agus é ag scaoileadh urchair leo, agus as sin a tháinig an t-ainm sin air.
Bhain mórán Bleá Cliathach taitneamh as a chuid geáitsí agus ghlacadar féin páirt iontu. Ligeadar orthu go raibh gunna acu féin chomh maith agus scaoilidís ar ais leis nó thitidís marbh mar dhea ar na sráideanna nuair a dhéanfadh Bang Bang iad a ‘lámhachainn’ go tobann.
In amanna, chuireadh Bang Bang isteach ar dhrámaí sna hamharclanna, ag ‘lámhachainn’ na n-aisteoirí, rud a cheap na haisteoirí agus an lucht féachana a bhí greannmhar i gcoitinne!
Níl mórán ar eolas faoin bhfear féin agus ceaptar go raibh ábhar éigin meabhairghalair air. Rinne roinnt daoine comparáid idir é agus an tImpire Norton sna Stáit Aontaithe, fear i San Francisco a bhíodh gléasta in éide iomlán airm impiriúil agus duine a ndéanadh na póilíní cúirtéis leis agus é ag siúl na sráide.
Is cuid de bhéaloideas aon chathair iad na carachtair seo agus tá Bang Bang luaite i roinnt scéalta, dánta agus cláracha telifíse nó raidió. Sampla de rann scipeála ina bhfuil sé luaite ná:
- And we all went up to the Mero, hey there, who’s your man
- It’s only Johnny Forty Coats, sure he’s a desperate man
- Bang Bang shoots the buses with his golden key
- Hey hi diddly I and out goes she.
Is léir go raibh cion ag muintir Bhaile Átha Cliath air agus gur thuigeadar gur duine neamhurchóideach a bhí ann. Cuireann a leithéid de charachtair beocht i saol daoine eile trí léiriú neamhghnách a thabhairt dóibh ar a dtimpeallacht. D’éag Bang Bang i 1976 ach leanann a cháil ar aghaidh i mbéaloideas na hardchathrach.