Bertolt Brecht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Bertolt Brecht (rugadh 10 Feabhra 1898 agus déag 14 Lúnasa 1956) ina dramadóir, stiúraitheoir agus file clúiteach sa Ghearmáin.
[athraigh] A Shaol

Rugadh in Augsburg, Bavaria é. Bhí a mháthair de bhunadh protastúnach agus caitileacach ab ea a athar. Rinne sé staidéir ar leigheas agus i rith an céad cogadh domhanda d’oibrigh sé in ospidéal i München. Tar éis an cogadh bhog sé go Berlin, áit ar chuir an léirmheastóir clúití Herbert Ihering, in athne don phobal é.
Ins an tréimhse tar éis an cogadh thosaigh sé ag obair le Hanns Eisler agus d’fhás cairdeas buan as an caidreamh sin. Thart fán am seo chas sé ar an mbean a bhí ina leathbhádóir aige ar feadh a shaol. Helene Weigel ab ainm di agus bhí sí ina darna bhean chéile ag Brecht. Timpeall na h'ama seo is ea a fhoilsíodh cnuasach dánta leis, den teideal Hauspostille, a ghnóthaigh duais liteartha.
Chuir Brecht cuman scríobhnóireachta ar bun a bhí an torthúil. I measc na ndaoine a bhí bainteach leis luaitear Elisabeth Hauptmann, Margarite Steffin, Emil Burri agus Ruth Berlau. Léiríodar neart Lehrstucke (dramaí oiliúna) i rith na bhfichidí san Ghearmáin agus san Óistéir agus an sprioc a bhí acu ná an lucht fhéachanna a mhealladh chun páirt a ghlacadh go gníomhach sna dramaí.Teideal an naisc