Giovanni Schiaparelli
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réalteolaí Iodálach ab ea é Giovanni Virgilio Schiaparelli (14 Márta 1835 - 4 Iúil 1910). Bhain sé amach dintiúirí an réalteolaí ó ollscoil Torino agus chaith sé seal ag staidéar i Réadlann Bheirlín freisin, ach rinne sé an chuid ba mhó de shaothar a shaoil i Réadlann Brera. Rinne sé breathnóireacht dhian ar Mhars, agus bhaist sé ainmneacha ar chuid mhór de na háiteanna ansin, mar a chonaic sé sa teileascóp iad. B'eisean a chuir na ráflaí faoi "chanálacha" ar Mhars ag imeacht, nó dúirt sé go raibh sé tar éis gnéithe a shonrú ar dhroim an phláinéid a raibh cosúlacht na gcanali ("grinnill abhann") orthu, mar a chuir sé i bhfocail Iodáilise é. Is é an chiall a bhain an t-aistritheoir as an méid sin gur "canálacha" a bhí ann agus iad déanta ag neacha intleachtúla eachtardhomhanda, agus spreag an mhíthuiscint seo na mílte de dhaoine ag déanamh a dtuairimíochta féin faoi "mhuintir Mharsa".
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.