Learpholl
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cathair mhór í Learpholl i dtuaisceart Shasana, agus tá sí suite ar abhainn an Mersey. Liverpool a thugtar air i mBéarla. Is port tábhachtach í ar Mhuir Éireann. Tá cáil idirnáisiúnta ar Learpholl mar bhaile dhúchais an bhanna rac-cheol The Beatles, agus dhá fhoireann sacair - Club Sacair Learphoill (Liverpool Football Club) agus Everton Football Club. Is í Learpholl a bheas mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa i mbliain 2008. Sa Bhéarla, tugtar scouse ar chanúint Learphoill, agus "scouser" ar dhuine de mhuintir na háite. Timpeall 1,363,000 duine atá ina gcónaí i gcomharsanacht na cathrach.
[athraigh] Stair
Glactar leis go coitianta gur bunaíodh an chathair i 1207 nuair a bhronn an rí John cairt ar an gcathair. Cuireadh saighdiúirí go hÉirinn ón chalafort ach ba bheag tábhacht a bhí leis an chathair go ceann na mblianta fada. Ní raibh ach timpeall 500 duine i Learrpholl i lár an 16ú haois. Timpeall céad go leith bliana ina dhiaidh sin a thosaigh an chathair ag fás, nuair a rinneadh paróiste as Learrpholl le hAcht Parlaiminte. D'fhás an trádáil le hÉirinn agus leis na hIndiacha Thiar agus rinneadh brabús mór as an sclábhaíocht.
Ba é Learrpholl an calafort sclábhaíochta ba mhó san Eoraip ó 1750 ar aghaidh. D'fhás an chathair go mór ar an trádáil triantánach: airm, slabhraí, earraí cadáis á n-easportáil chun na hAfraice, sclábhaithe á dtabhairt go Meiriceá Thuaidh agus Láir, agus cadás, tobac agus siúcra á n-iomportáil ó na coilínigh. Faoi thús an 19ú haois bhí 40% de thrádáil an domhain ag dul trí Learrpholl. Thosaigh na sluaite as Éirinn ag cur fúthu sa chathair le linn blianta ocracha na 1840í agus faoi 1851, ba as Éirinn don cheathrú cuid den daonra.
Ba le linn an 19ú haois a tógadh foirgnimh mhóra na cathrach. Lean fás Learrphoill sa 20ú haois agus í ag mealladh inimircigh chuici as tíortha na hEorpa, Iodálaigh, Breathnaigh, Albanaigh agus Éireannaigh go háirithe. Bhí os cionn 850,000 duine sa chathair i 1930. Rinneadh an-scrios ar Learrpholl le linn an Blitz, ionsaithe buamála na Gearmáine, 80 ar fad, tharla na cinn ba mheasa i mí Bealtaine 1941.
Tháinig meath ar dhuganna agus ar thionscail thraidisiúnta Learphoill ó na 1970í i leith. Bhí stailceanna agus ciréibeanna sa chathair sna 1980í agus mhothaigh muintir Learrphoill nach raibh cothrom na féinne á fháil acu ón rialtas lárnach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.