Leath Mhogha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ainm stairiúil ar an leath ó dheas d´Éireann é Leath Mhogha. Déanann Eiscir Riada an deighilt, agus ní cosúil gur fada a lean an deighilt seo ar an tír. Díbríodh Eoghan Mogha Nuadhat, a bhí ag cur faoi i ndeiscirt na tíre, agus a raibh aighneas idir é agus an Rí Conn, go dtí an Spáinn. D´fhan sé sa Spáinn ar feadh naoi mbliana, agus nuair a d´fhill sé le cúnamh mór Spáinneach, ghabh sé sealbh ar an leath ó dheas den tír.