Eiscir Riada
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar Eiscir Riada ar an sraith droimlinne idir an áit atá Baile Átha Cliath inniu agus cuan na Gaillimhe. Fuíoll oighirshruth a leáigh ag deireadh Aois an Oighir atá ann, agus in aimsir na sean-Ghaeil, tógadh mórbhóthar ar a dhromchla. Rinne an eiscir deighilt idir Leath Choinn, a bhí lastuaidh uaidh, agus Leath Mhogha, a bhí laisteas de.