Nua-Eabhrac (stát)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
- Is é an rud is ábhar don leathanach seo ná an stát. Más suim leat ciall eile an téarma seo, léigh Nua-Eabhrac.
Is stát sna Stáit Aontaithe Mheiriceá é Nua-Eabhrac
|
|||||
Leasainm | Empire State (Stát an Impireacht) | ||||
Teangacha oifigiúla | Níl aon cheann. Béarla i ngníomh | ||||
Príomhchathair | Albany | ||||
Cathair is mó | Cathair Nua-Eabhrac | ||||
Gobharnóir | George E.Pataki | ||||
Dáta iontrála i SAM | 26 Iúil, 1788 | ||||
Ord iontrála i SAM | 11ú | ||||
Achar - In iomlán - % uisce -Áit de réir Achair i measc SAM |
141,205 km² 13.3% 27ú |
||||
Daonra - In iomlán (2002) - Dlús |
19,190,115 (3ú) 155.18/km² (6ú) |
||||
Crios ama | UTC-5 (Samhradh: UTC-4) |
||||
Leithead | 455 míle | ||||
Fad | 530 míle | ||||
Airde is mó | 1,629 troigh | ||||
Meán airde | 305 troigh | ||||
Airde is lú | 0 | ||||
Cód ISO | US-NY |
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Ceann des na céad stáit a cuireadh ar bun i Meiriceá Thuaidh, ainmnítear an stát seo as cathair Nua-Eabhrac. B'iad muintir na na hÍsiltíre ar dtús a chur fúthu ag Fort Orange, ar shuíomh Albany an lae inniu, sa bhliain 1624. B'iad freisin a chur cathair Nieuw Amstardam ar bun i 1625, agus de réir an scéil choithcheannaigh, cheannaigh Peter Minuit oileán Manhattan ó na hIndiaigh ar bheagán áilleagán, arbh fhiú $24 iad. Sa bhliain 1664, thug an pobal maoirseacht do Shasana ar an gcathair. Thug siadsan New York ar an limistéir in omós do Dhiúic Eabhraic. Is de bhunús cheilteach an ainm Eabhrac.
Bhí Nua-Eabhrac ina phríomhchathair sna Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.) ar feadh aistir ghearr i ndiaidh Chogadh na Saoirse.
[athraigh] Tionscal
I measc tionscal an stáit, tá foilsíocht agus clóbhualadh, innealra agus feisteas tionsclaíoch, innealra leictreonach, turasóireacht, agus feirmeoireacht. Meastar ar an seachtú háit é le táirgeadh tionscail. Tógtar eallach agus éanlaith clós, agus fástar glasraí, torthaí agus min. Tá tábhacht, leis, le fás caora finiúna agus déanamh fíona ar an Oileán Fada agus i ngleann an Hudson.
[athraigh] Gnéithe Fisiciúla na Tíre
Tá sléibhte na nAdirondack i dtuaisceart an Stáit, agus cinn ísle na Catskills siar as Albany i lár an Stáit. Ritheann abhainn mhór an Hudson ó limistéir theorainn Cheanada go cathair Nua-Eabhrac, agus seolann loingeas móra uirthi go dtí Albany. Ba é tógail an Chanáil Erie, go deimhin, a chur bun leis an dtús áite a bhí le fada ag cathair Nua-Eabhrac i gcursaí tráchtála. Bhí bealach sa chanál le táirgeadh de chuid mhór den tír a thabhairt ar uisce go dtí an cósta roimh aimsir na dtraenach.
[athraigh] Cathair Nua-Eabhrac
Roinntear cathair Nua-Eabhrac inniu ina cúig bhuirg:
- Nua-Eabhrac (ar a dtugtar Manhattan go hiondúil, chomh maith leis an oileán ar a bhfuil sé suite)
- Brooklyn (ar é a ainm rialtasa Kings County)
- Queens,
- An Bronx
- Oileán Staten (Staten Island)
Bhí daonra 8,008,278 i gcathair Nua-Eabhrac i 2000, rud a thugann áite di i measc chathracha na Stát Aontaithe. Ba í cathair Nua-Eabhraic longphort iontrála an-chuid d'imirceaigh na hEorpa go dtí na S.A.M. Ba í Oileán Ellis sa chalafort stáisiúin iontrála na loingeas paisnéara ón naoú haois déag go tús an fichiú haois. Roimhe sin, thigidís i dtír ar dheisceart Manhattan, in áit ar a dtugtar an Battery. Fós féin, tá pobail éagsúla le feiceáil ar fud na cathrach. Sa lá atá inniu ann, tagann a lán imirceach ar tír in Aerfort John F. Kennedy i Queens, nó in Aerfort Newark, i New Jersey, atá suite i gcóngar 35km ón gcathair.
[athraigh] An Oileán Fada
Síneann An Oileán Fada amach soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 km ar fhaid, ach níl sé mórán thar 30 km ar leithead in aon chuid de. De ghnáth nuair a luaitear an ainm, fágtar Queens and Brooklyn ar lár, mar go bhfuilid i gcathair Nua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iadsan maidir le tíreolaíocht.
[athraigh] Fuíoll an Stáit
I measc chathracha móra eile an stáit, áirítear Buffalo (d. 292,648), Syracuse (d.147,306), Yonkers (d.196,086), agus Rochester (d.219,773). Tugtar go minic "Upstate" ar chuid an Stáit a luíonn ó thuaidh ó chathair Nua-Eabhrac agus an Oileáin Fada, .i. mórchuid an stáit. "Downstate" a luaitear orthu siúd ó theas ó chathair Nua-Eabhrac, ach ní minic a úsáidtear an téarma siúd.
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|