Peil Ghaelach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cluiche foirne a imrítear in Éirinn ach go háirithe í an Pheil Ghaelach, Peil Ghaelach na mBan, nó peil. Imríonn dhá fhoireann le 15 imreoir, ag iarraidh cúl nó cúilín a fháil. Is fiú trí chúilín é cúl. Tá an pheil á n-imirt lena cianta mar aon leis an iomáint, liathróid láimhe, agus camógaíocht na clúichí gaelacha eile. Reachtálaíonn an Cumann Lúthchleas Gael gach cluiche Gaelach, seachas peil na mban. Imríonn gach contae in Éirinn sa chluichí Lán-Éireann. Imríonn an chluiche deireanach i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, ceanncheathrú Chumainn Luthchleas Gael. Tá cluiche ann freisin le meascán rialacha ón bpeil Ghaelach agus ó pheil na hAstráile ar a dtugtar Peil na Rialacha Idirnáisiúnta.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Imríodh an spórt seo in Éirinn ar feadh na haoise, ach thosaigh sé mar cluiche oifigiúil tar éis ar bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i Samhain, 1884 in Óstán Uí hAodha (Haye's Hotel) i gContae Thiobraid Árann. Bhailigh agus shocraigh an CLG na rialacha, agus bhí an chéad comórtas uile Éireann i 1887. Is é an Corn Sam Mhic Uidhir an duais sa chomórtas seo.
[athraigh] Rialacha
[athraigh] An pháirc
Tá an pháirc imirthe 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a bhun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 7 slat (6.4 méadar) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 7 dtroigh (2.13 méadar) os cionn na talún. Is í an pháirc céanna a úsáidtear san iománaíocht.
[athraigh] Na foirne
Tá cúig déag peileadóirí i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúlbáire amháin (uimhir 1), sé cosantóirí (uimhreacha 2-7), dhá imreoirí lar-páirce (uimhreacha 8 agus 9) agus sé ionsaitheoirí (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúlbáire gléasta i ndath difrúil ó na himreoirí eile. Tá cúig déag fear ionaid ann ((uimhreacha 16-), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.
[athraigh] An liathróid
Imrítear an cluiche le liathróid bán leathair, atá cosúil le liathróid sacair ach beagán níos trom. Chun an liathróid a bhogadh, is féidir é a chiceáil nó é a bhuail leis an mbos. Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:
- Ag piocadh an liathróid go díreach ón dtalamh
- Ag caitheamh an liathróid
- Ag rith níos mó ceithre choiscéime gan pasáil, preab no "solo" a dhéanamh
- Ag phreab an liathróid faoi dhó i ndiaidh a chéile
- Ag bogadh an liathóid thar ceann imreoir eile leis an mbos
- Ag bogadh an liathóid isteach sa chúl leis an mbos
- Ag déanamh scór nuair a bhfaigheann an ionsaitheoir an liathróid isteach sa chearnóg
[athraigh] Ag scóráil
Is é cuspóir an chluiche níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Déantar scóráil tré'n liathróid a thiomáint idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí bpointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an liathróid faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat ghlas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an liathróid os cionn an chuaille, agus taispeánann an moltóir brat bán.
[athraigh] Cluiche Cheannais na h-Éireann
Bíonn an cluiche ceannais ar siúl gach bliain ar an Domhnach deireannach de mhí Meán Fómhair. Imríonn an dá fhoireann i gcoinne a chéile i bPáirc an Chrócaigh, agus is é seo an chluiche is tábhachtaí agus an duais is mó sa spórt. Bíonn Uachtarán na hÉireann, an Taoiseach agus daoine tábhachtacha eile ag freastal ar na himeachtaí freisin. An fhoireann is fearr sa tír le blianta fada ná foireann na Ríochta nó Contae Chiarraí. Níl aon chontae eile i ngiorracht scread asail dóibh (féach ar liosta na mbuaiteoirí do Chluichí ceannais Uile Éireann).
[athraigh] Nasc Inmheánach
Craobh Sinsear Peile na hÉireann 2006
[athraigh] Naisceanna Seachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.