The Simpsons
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Simpsons | |
![]() Deiseal: Homer, Marge, Maggie, Santa's Little Helper, Bart, Snowball II agus Lisa. |
|
Seánra | Beochan |
Fad na n-eipeasóidí | Timpeall 22 nóiméad |
Dearthóir(í) | Matt Groening |
Foireann | Dan Castellaneta Julie Kavner Nancy Cartwright Yeardley Smith Hank Azaria Harry Shearer Marcia Wallace Pamela Hayden Tress MacNeille Maggie Roswell Russi Taylor |
Teanga | Béarla |
Tír | SAM |
Gréasán | Fox |
Chéad rith | 17 Nollaig 1989 – |
Méid eipeasóidí | 350+ |
Is é The Simpsons an tsraith teilifíse bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig 1989 ar ghréasán Fox. Ó shin, tá breis agus 350 eipeasóid craolta.
Meastar gurb é The Simpsons ceann de na sraitheanna is rathúla le stair na teilifíse. Tá clú air as ucht a stíle ealaíonta uathúla: bíonn craiceann buí agus súile móra ar na carachtair, agus ceithre méar ar a lámha.
Clár ábhair |
[athraigh] Plota
Cúigear atá i dteaghlach na Simpsons i Homer, a bhean chéile Marge, agus a gclann Bart, Lisa agus Maggie. Tá cónaí orthú ag 742 Evergreen Terrace i mbaile Springfield i SAM (ní cosúil cén stát).
[athraigh] Príomhcharachtair
[athraigh] Muintir Shimpson
- Homer Jay Simpson, an t-athair, 38 mbliana d'aois. Tá sé maol, ramhar agus amaideach. Oibríonn sé i dTeascóg 7G ag Cumhachtstáisiún Núicléach Springfield. Tá sé pósta le Marge le deich mbliana anuas.
- Marjorie "Marge" Simpson (a rugadh mar Marjorie Bouvier), an mháthair, 36 mbliana d'aois. Is bean tí í. Is ise an duine is ciallmhaire sa teaghlach.
- Bartholemew "Bart" Simpson, an mac, deich mbliana d'aois. Tá sé dána, agus is minic é i dtrioblóid ar scoil, áit nach n-éiríonn ró-mhaith leis.
- Lisa Simpson, an t-iníon is sine, ocht mbliana d'aois. Is ise an ball is cliste den teaghlach.
- Margaret "Maggie" Simpson, an t-iníon is óige, aon bhliain d'aois.
[athraigh] Gaoil leis na Simpsons
- Abraham "Abe" Simpson (ar a dtugtar "Grampa"), athair Homer. Tá sé beagán seanórtha, agus é ina chónaí i dteach banaltrachta.
- Jaqueline Bouvier, máthair Marge.
- Patty agus Selma Bouvier, deirfiúracha le Marge ar fuath leo Homer.
[athraigh] Stair
![Ceist léamhthuiscine as scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh, (Bonnleibhéal, 2000): tá The Simpsons an-tábhachtach sa phopchultúr ar fud an Domhain, go háirithe leis an aos óg.](../../../upload/thumb/2/22/TS-Simpsons.jpg/200px-TS-Simpsons.jpg)
Cruthaíodh é ag Matt Groening i 1987 nuair a iarradh air sraith chartún gearr a scríobh do The Tracy Ullman Show, le craoladh ag tús agus deireadh na sosanna fógraí. Mhúnlaigh Groening na carachtair ar a mhuintir féin. Craoladh an chéad chartún ar 19 Aibreán 1987. Rinneadh 48 gceann de na cartúin seo san iomlán.
I 1989, choimisiúnaigh Fox séasúr de trí heipeasóid déag, ar mhair gach ceann acu leathuair an chloig. Craoladh an chéad eipeasóid, Simpsons Roasting on an Open Fire, ar 17 Nollaig 1989. Bhí sé rathúil láithreach bonn. B'aoir é ar shaol an lae inniu sna Stáit Aontaithe, agus é mar fhritéis don sitcom teaghlaigh tipiciúil Meiriceánach.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- (Béarla) Simpsons Wallpaper
- (Béarla) Suíomh oifigiúil
- (Béarla) The Simpsons Archive
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.