Xhosa
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í Xhosa ceann de theangacha oifigiúil na hAfraice Theas. Tá sí mar theanga ag 7.9 milliúin duine, thart ar 18% de dhaonra na tíre sin. Tá cáil ar an teanga mar go n-úsáidtear clic-chonsain mar fhóinéim inti. Tosaíonn ainm na teanga, "Xhosa", le clic-chonsain: [kǁʰoːsa].