Bacstaí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar bacstaí ar cháca fataí a dhéantar a chócáil ar an bhfrioctán nó ar an ngrideal, agus is minic a dhéantaí san iarthar agus i dTír Chonaill in Éirinn iad.
Seo oideas amháin chun bacstaí a dhéanamh:
- 500 gr fataí amha
- 500 gr fataí briste
- 500 gr plúr bán
- Bainne
- Ubh an duine
- Salann agus piobar
Scíob na fataí amha agus measc leis na fataí briste iad. Cuir an salann, an piobar agus an plúr leis seo. Buail na huimheacha agus cuir leis an meascán iad le díreach dóthain bainne le meascán a dhéanamh a thitfidh de spúnóg. Cuir ar an ngrideal nó ar an bhfrioctán spúnóg boird san am é, agus déan cócaireacht air le teas measartha ar feadh 3-4 nóiméad ar gach taobh. Féadtar iad a chaitheamh suas le bricfeasta Gaelach (bagún, ispíní, uibheacha agus putóg dubh friochta) nó le hanlann úll .
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.