Vicipéid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard is an Vicipéid ná ciclipéid ilteangach saor in aisce le hinneachar saor. Déanann cuiditheoirí deonacha an obair ar shuíomh Gréasáin (http://ga.wikipedia.org/ don leagan Gaeilge), agus úsaidtear teicneolaíochtaí vicí - mar sin, is féidir le beagnach duine ar bith na hailt a mhéadú, a shlánú nó a mhionathrú má tá brabhsálaí Gréasáin agus nasc Idirlín aige nó aici. Thosaigh an tionscadal ar an 15 Eanáir 2001 mar chomhlánú le Nupedia, acmhainn mharbh a scríobhtaí ag saineolaithe. Anois, oibrítear an Vicipéid ag an bhfondúireacht neamhbhrabach Wikimedia, agus tá níos mó ná 6,000,000 alt inti sna teangacha éagsúla, le beagnach 5000 alt sa leagan Gaeilge.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.