Bratach na Liotuáine
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Bratach na Liotuáine déanta suas de trí dhath cothrom, buí, glas agus dearg. Glacadh leis an mbratach ar 20 Márta, 1989 díreach roimh neamhspleáchas a fháil ón Aontas Sóivéadach. Roimhe sin, d'úsáideadh é ón mbliain 1918 go dtí 1940, nuair a ghabh an tAontas Sóivéadach (1940-1941), An Ghearmáin (1941-1945) agus arís an Aontas Sóivéadach an tír. Ó 1945 go dtí 1989, ba bhratach Sóivéadach dearg le ainm na poblachta é bratach na Liotuáine Sóivéadaigh, agus d'athraigh siad é ansin go dtí bratach dearg le línte bán agus glas ag an bun. Seasann an buí do pháirceanna óir na Liotuáine, an glas do thuath glas na tíré, agus an dearg don fuil a bhfuil doirte don tír thar na mblianta.